
Tá sceitimíní mór ann ó tharla go bhfuil 15 ghnólacht agus eagraíocht as Gaillimh roghnaithe le bheith san iomaíocht i mbabhta ceannais Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2025.
Is é Gaillimh le Gaeilge i gcomhar leis an Galway Advertiser, TG4 agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe a eagraíonn an Gradam a dhéanann ceiliúradh ar bharr feabhais dátheangach i gcúrsaí gnó.
Léirítear in éagsúlacht chraobhiomaitheoirí na bliana seo an chaoi ar féidir an Ghaeilge a thabhairt isteach gan stró sna hearnálacha go léir – Cumann Seoltóireachta Húicéirí Traidisiúnta na Gaillimhe, cuideachta bhus idirnáisiúnta agus gnólachtaí sainchomhairleoireachta acmhainní daonna – a thaispeánann go bhfuil an teanga beo agus gur féidir í a chur in oiriúint do gach gné den saol i nGaillimh.
Chas na Moltóirí ar a chéile don chéad chéim den phróiseas moltóireachta Dé Luain.
Mhínigh Gearóidín Hynes, Bainisteoir Tograí le Gaillimh le Gaeilge, go raibh tasc deacair ag na Moltóirí an Gearrliosta a roghnú:
“Thaispeáin gach duine de na hainmnithe go bhfuil siad tiomanta do Ghaillimh dhátheangach agus an-tiomanta do ‘Seirbhís trí Ghaeilge’ a chur ar fáil. Bhí an-áthas go deo ar na Moltóirí a thabhairt faoi deara go raibh go leor comhoibriú ann idir rannpháirtithe na bliana seo – idir na craobhiomaitheoirí féin agus le daoine a chuir isteach ar an nGradaim roimhe seo – de réir mar a d’oibrigh siad as lámha a chéile chun an úsáid a bhaintear as an nGaeilge a neartú agus chun meanma mheithle a chothú ar fud na cathrach agus Ghaeltacht na Gaillimhe.”
Ag labhairt ar son na Moltóirí, dúirt Éanna Ó hÓgartaigh:
“Bliain iontach eile don Ghradam agus obair den scoth idir lamha ag gnólachtaí agus ag eagraíochtaí ag cur na Gaeilge chun cinn sa chathair. Its great to see that the promotion of the Irish language in the city shows no signs of slowing down and, it is gratifying to see the energy and enthusiasm shown by the Gearrliosta in this endeavor. We are also very pleased to see that services in the Irish language are accessible as widely as they are. We look forward to visiting each of the businesses and organizations on the Gearrliosta in the weeks to come,” he concluded.
Is é seo a leanas Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2025: Sheosaimh Uí Ógartaigh 2025 are as follows:
- Na hainmniúcháin sa rannóg ‘Taithí Mhiondíola’, urraithe ag Galway Bay FM
Booley, Just Art It - Na hAinmniúcháin sa rannóg ‘Turasóireacht’, urraithe ag Fáilte Ireland:
Daróg Wine Bar, Galway Girl Cruises and Tribe Gin School
- Na hAinmniúcháin sa rannóg ‘Seirbhís Chustaiméara’, urraithe ag Computer Troubleshooters Galway:
Citylink, GHR Consulting, Plámás, Soundtrack & Podcast - Na hAinmniúcháin sa rannóg ‘Digiteach’, urraithe ag Platform 94
Grá Chocolates, Irish Socksciety, The little Siopa, Thrive with Marian, - Na hAinmniúcháin sa rannóg ‘Pobal agus Cultúr’, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe:
Club Seoltóireacht Húicéirí na Gaillimhe, Galway Film Fleadh.
Chuir an méid is mó daoine isteach i mbliana ar an gcatagóir Dhigiteach, a thugann chun solais go bhfuil an rath ar an nGaeilge sa spás digiteach agus gur léir go bhfuil áit bainte amach aici sa domhan nua-aimseartha. Is fiú a thabhairt faoi deara chomh maith gur ainmnithe 27% d’ainmnithe na bliana seo ó ghnólachtaí atá á gcur ar bun nó faoi úinéireacht daoine a tháinig go hÉirinn agus a thug an teanga isteach ina ngnó laethúil.
Roghnaíonn painéal neamhspleách moltóirí a bhfuil saineolas fairsing acu buaiteoirí an Ghradaim gach bliain. Is iad na daoine atá i bpainéal moltóirí na bliana seo: Éanna Ó hÓgartaigh, mac le Seosamh Ó hÓgartaigh, nach maireann, ar ainmníodh an gradam in ómós dó, Margaret Jenkins, Bainisteoir Foirne Shlí an Atlantaigh Fhiáin, Colleen Baxter, Feidhmeannach Margaíochta agus Oifigeach Tionscadal, WestBIC agus Diarmuid Ó Conchubhair, Galway Bay FM.
Tabharfaidh na Moltóirí cuairt ar gach gnólacht/eagraíocht ar an nGearrliosta sna seachtainí amach romhainn leis na buaiteoirí i ngach ceann de na 5 chatagóir a dheimhniú. Roghnóidh siad buaiteoir iomlán ansin ón gcúigear buaiteoirí catagóire
Tá ríméad orainn go bhfógróidh An tAire Gaeltachta, Dara Calleary TD, na buaiteoirí ag searmanas bronnta speisialta ag 6.00pm Dé Luain an 26 Bealtaine sa Galway Bay Hotel, Bóthar na Trá, Gaillimh.
Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge an deis seo a ghlacadh chun buíochas a ghabháil leis na hurraitheoirí áitiúla agus náisiúnta ar fad as an tacaíocht thar a bheith luachmhar atá tugtha acu don Ghradam i gcaitheamh na mblianta. Go raibh míle maith agaibh a chairde: Galway Advertiser, TG4, Fáilte Ireland, Galway Bay FM, Computer Troubleshooters Galway, Platform 94, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, Údarás na Gaeltachta agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe. Is fiú níos mó ná €40,000 luach iomlán na hurraíochta.