An Ghaeilge i rith an tSamhraidh

18th June 2018

Is féidir leis an samhradh a bheith an-ghnóthach i gcúrsaí gnó le laethanta fada gréine ag tabhairt deiseanna go leor chun athchóiriú, deisiú agus athruithe a dhéanamh.  Ina theannta sin, cuireann an samhradh éagsúlacht de tháirgí nua ar fáil a bhféadfadh biachlár nua a bheith mar thoradh orthu!

Mar sin, más ag athrú do bhiachlár atá tú, ag dearadh aghaidh an tsiopa, nó ag cur táirge nua ar an margadh, déan teagmháil le Gaillimh le Gaeilge maidir leis na féidearthachtaí atá ann chun an Ghaeilge a shní isteach i do ghnó.  Cuirfimid seirbhís aistriúcháin SAOR IN AISCE ar fáil duit agus déanfaimid poiblíocht ar do chuid iarrachtaí. Déan teagmháil linn inniu ar 091 568876 nó [email protected].

 

 

 

Related Articles

Festival Co-Ordinator – Tonnta 26
Comhordaitheoir Féile - Tonnta 26

Gaillimh le Gaeilge works in association with Galway City Council, Galway Chamber and other groups to develop and strengthen Galway’s official Bilingual Status. Our organisation is looking for an experienced and enthusiastic individual or a festival/coordinator /event...