Tá Gaillimh le Gaeilge ag earcú! – Oifigeach Forbartha agus Cumarsáide

01st July 2025

An bhfuil tú ag iarraidh difríocht mhór a dhéanamh in eagraíocht bheag bhríomhar?

Oibrigh linne agus bí mar chuid de thodhchaí  dhátheangach na Gaillimhe!

Táimid ag lorg…

💼 Oifigeach Forbartha agus Cumarsáide – Lánaimseartha
📍 Lonnaithe i gCathair na Gaillimhe                                          
                                           

💰Tuarastal: €34,260 – €54,367
   (íocfar tuarastal de réir taithí agus cumais)                                                                     

📅 Spriocdháta: 21 Iúil ag 4pm
📧 Iarratais & tuilleadh eolais: [email protected]

 

An bhfuil tú paiseanta faoin nGaeilge agus faoin gcultúr?


An bhfuil tú ag iarraidh difríocht mhór a dhéanamh in eagraíocht bheag bhríomhar atá tiomanta do chaomhnú agus d’fhás ár dteanga náisiúnta?

Táimid ag lorg Oifigeach Forbartha agus Cumarsáide

  • chun cur lenár bhfoireann agus cabhrú linn an Ghaeilge a threisiú tuilleadh i gCathair Bhríomhar Dhátheangach na hÉireann,
  • cur le saol cultúrtha na cathrach,
  • rannpháirtíocht an phobail a spreagadh tuilleadh i gcur chun cinn na Gaeilge mar theanga bheo sa saol laethúil.

Eolas Fúinn:
Is eagraíocht bheag bhríomhar í Gaillimh le Gaeilge, atá lán d’fhuinneamh agus de dhíograis. Táimid tiomanta d’athbheochan agus do cheiliúradh na Gaeilge trí thionscadail chruthaitheacha agus imeachtaí dátheangacha a fhorbairt agus a chur chun cinn. Tá ár gcuid oibre paiseanta, bríomhar, solúbtha, suimiúil agus cruthaitheach – ní bhíonn aon dá lá mar an gcéanna!

Príomhfhreagrachtaí an Róil:

Beidh an tOifigeach Forbartha agus Cumarsáide freagrach as comhordú tionscadal agus as cur i bhfeidhm straitéisí cumarsáide chun obair Ghaillimh le Gaeilge a chur chun cinn níos mó.

Beidh an té a cheapfar ag feidhmiú go comhoibríoch leis an bhfoireann agus leis na páirtithe leasmhara chun forbairt na Gaeilge a threisiú i gCathair na Gaillimhe, go háirithe trí scéimeanna cosúil le Cairde Ghaillimh le Gaeilge, Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, Tonnta – Féile Dhátheangach Chathair na Gaillimhe, Treibh na Máirte, agus An tEolaire Gnó.

Cineál Conartha: Lánaimseartha. Conradh bliana a bheidh i gceist ar dtús ach d’fhéadfaí síneadh a chur leis an tréimhse ina dhiaidh sin. 

Scálaí Tuarastail athbhreithnithe an Rialtais i bhfeidhm ón 1 Márta 2025.                                                     

Grád 4 – Oifigeach Cúnta Sinsearach / Cúntóir Leabharlainne Sinsearach: 35,260 – 37,366 – 40,355 – 42,318 – 44,035 – 45,696 – 47,938 – 49,560 – 51,210 – Íocaíocht Bhreise Fadseirbhíse 1 (LSI)1 52,768 – Íocaíocht Bhreise Fadseirbhíse 2 (LSI2) 54,367. (íocfar an pointe cuí ar an scála thuas, ag brath ar thaithí agus ar chumas an iarrthóra.)

Gnáthsheachtain oibre: Cé go mbeidh 35 uair an chloig sa ghnáthsheachtain oibre, beidh ar an té a cheapfar oibriú lasmuigh d’uaireanta oifige ó am go chéile. Tabharfar am saor comhionann mar chúiteamh.

Gnáthsheachtain oibre: Cé go mbeidh 35 uair an chloig sa ghnáthsheachtain oibre, beidh ar an té a cheapfar oibriú lasmuigh d’uaireanta oifige ó am go chéile. Tabharfar am saor comhionann mar chúiteamh.

DUALGAIS OIBRE

Beidh an té a cheapfar freagrach as na dualgais seo a leanas agus as cúramaí eile:

Tionscadail a Chomhordú

  • Tacaíocht a thabhairt do phleanáil, cur i bhfeidhm agus measúnú tionscadal agus feachtas.
  • Spriocdhátaí agus soláthar tionscadail a bhainistiú go héifeachtach.
  • Comhoibriú le comhpháirtithe tionscadail, urraitheoirí agus soláthraithe.

Cumarsáid agus Margaíocht

  • Straitéisí cumarsáide a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm trí mheáin dhigiteacha agus thraidisiúnta.
  • Ábhar tarraingteach a chruthú do shuíomhanna gréasáin, nuachtlitreacha, preaseisiúintí, agus ardáin na meán sóisialta.
  • Bainistiú a dhéanamh ar fheasacht phoiblí an eagrais agus branda na heagraíochta a neartú.

Comhpháirtíocht agus Teagmháil

  • Gaolmhaireacht a chothú le pobail, meáin agus páirtithe leasmhara áitiúla.
  • Cuidiú le heagrú imeachtaí poiblí, seimineár, agus searmanais, go háirithe le linn an Ghradaim.
  • Tacú le feasacht a mhúscailt faoin nGaeilge mar shócmhainn eacnamaíoch agus cultúrtha.

Riarachán Ginearálta:

  • Taifid agus doiciméadú tionscadail a choinneáil.
  • Cabhrú le tuairisciú, monatóireacht agus meastóireacht ar thionchar na hoibre.
  • Freastal ar chruinnithe foirne agus ullmhú ábhair de réir mar is gá.

 

PRÓIFÍL AN IARRTHÓRA:

Scileanna agus Taithí Riachtanach:

  • Líofacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla.
  • Cáilíocht 3ú leibhéal a bhaineann leis an bpost.
  • Taithí dheimhnithe (3 bliana ar a laghad) i gcomhordú tionscadal agus/nó i gcumarsáid.
  • Eolas mhaith ar uirlisí digiteacha (m.sh. Mailchimp, Canva, WordPress, srl.).
  • Scileanna láidre cumarsáide – idir scríobh agus labhairt.
  • Eolas ar phleanáil imeachtaí agus ar rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara.
  • Cumas obair go neamhspleách agus i bhfoireann bheag dhinimiciúil.

Buntáistí Breise:

  • Taithí nó tuiscint ar chur chun cinn na Gaeilge i suíomh uirbeach ilchultúrtha.
  • Taithí ar earnáil an ghnó, na turasóireachta, na Gaeilge agus an chultúir.

Inniúlachtaí Lárnacha:

  • Cruthaitheacht agus fuinneamh dearfach.
  • Scileanna eagrúcháin agus mionchruinneas.
  • Solúbthacht agus cumas fadhbanna a réiteach.
  • Tiomantas do mhisean agus luachanna Ghaillimh le Gaeilge.

Más suim leat tuilleadh eolais a fháil faoin bpost thuas seol iarratas agus CV chuig [email protected] faoi 5pm, an 21 Iúil 2025 

Oibríonn Gaillimh le Gaeilge i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus grúpaí eile sa chathair chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gCathair Dhátheangach na hÉireann.  Is iad an Crannchur Náisiúnta tríd an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus scéim ballraíochta Chairde Ghaillimh le Gaeilge le tacaíocht ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe a mhaoiníonn Gaillimh le Gaeilge. Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil chun tacú le cur i bhfeidhm Phlean Teanga Chathair na Gaillimhe.

Related Articles

Festival Co-Ordinator – Tonnta 26
Comhordaitheoir Féile - Tonnta 26

Gaillimh le Gaeilge works in association with Galway City Council, Galway Chamber and other groups to develop and strengthen Galway’s official Bilingual Status. Our organisation is looking for an experienced and enthusiastic individual or a festival/coordinator /event...