D’fhógair Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, An tOllamh John Breslin, go bhfuil Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2025 ar oscailt anois go hoifigiúil d’ainmniúcháin. Rinne sé an fhógairt ag Lón Nollag Chairde Ghaillimh le Gaeilge bliantúil a bhí ar siúl ar Déardaoin, an 19 Nollaig sa Skeff Late Bar & Kitchen, an Fhaiche Mhór, Gaillimh. I láthair, bhí; Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge, baill de Choiste Logainmneacha Chathair na Gaillimhe, urraitheoirí an Ghradaim, ceannairí gnó áitiúla, agus baill Chairde Ghaillimh le Gaeilge, a thacaíonn le Gaillimh le Gaeilge i rith na bliana. D’fhógair an Cathaoirleach na hurraitheoirí do Ghradam 25 freisin: Galway Advertiser, TG4, Cumann Tráchtála na Gaillimhe, Galway Bay FM, Fáilte Éireann, Computer Troubleshooters, Platform 94, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe agus Údarás na Gaeltachta.
Déanann an Gradam, Gradam Gnólachtaí Dátheangacha na Gaillimhe, onóir a léiriú ar agus ceiliúradh ar chuideachtaí agus ar eagraíochtaí ina n-úsáidtear an Ghaeilge ina luachanna branda agus nuair a dhéanann siad cumarsáid le custaiméirí.
Léirigh sé a ómós ar stair 23 bliain an Ghradaim ina ráiteas tosaigh, ina ndearna sé comhghairdeas leo siúd go léir a ghlac páirt sa Ghradam agus a rinne urraíocht air.
“Comhghairdeas libh go léir – cinntíonn obair an Ghradaim go leanann an Ghaeilge de bheith ina cuid lárnach de chultúr agus de shaol laethúil na Gaillimhe. Cuireann sé deis iontach ar fáil do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí na tairbhí a fhiosrú agus a cheiliúradh a chruthaítear trína bheith dátheangach, trí cheangal a dhéanamh le custaiméirí agus trí stádas na Gaillimhe a cheiliúradh agus a neartú mar chathair dhátheangach oifigiúil. Tá muid an-ádhúil go bhfuil a leithéid de Ghradam againn anseo sa chathair agus guím gach rath air agus orthu siúd go léir atá agus a bheidh bainteach leis sa todhchaí”.
Is é an chéad chéim eile de phróiseas an Ghradaim foirm iarratais ghearr dhátheangach ar líne a líonadh ag www.gleg.ie agus déanfaidh foireann Ghaillimh le Gaeilge teagmháil leat chun cuidiú leat agus thú a ullmhú don Ghradam at www.gleg.ie and the Gaillimh le Gaeilge team will be in touch to assist and prepare you for the award.
It’s free of charge and you can nominate your own business/organisation or another business/organisation that is based in Galway city. Five categories represent Galway’s thriving business community: Retail Experience, Customer Services, Digital, Tourism and Community & Culture. The closing date for Gradam entries is Friday the 14th of February 2025.