Luach an Ghradaim do do Ghnó/d’Eagraíocht.

15th February 2018
  • Cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta – léiríonn páirtíocht sa Ghradam do thiomantas dár gcáil náisiúnta agus idirnáisiúnta mar chathair chultúrtha 
  • Léiríonn sé do thacaíocht do Chathair Dhátheangach na hÉireann agus Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020
  • Deis agat poiblíocht fhorleathan fhorleathan a ghnóthachan sna meáin Ghaeilge agus Bhéarla
  • Buntáistí agus Duaiseanna – Is fiú os cionn €23,000 luach iomlán na hurraíochta don Ghradam i mbliana atá curtha ar fáil le cabhair ó na hurraí áitiúla.
  • Bronnfar píosa uathúil dealbhóireachta atá deartha go speisialta ag an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney agus urraithe ag Údarás na Gaeltachta ar bhuaiteoirí na gcatagóirí agus ar an mbuaiteoir iomlán.
  • Saor in aisce – Níl aon chostas iontrála i gceist agus beidh Foireann Ghaillimh le Gaeilge ar fáil chun cuidiú leat ó thús go deireadh an phróisis.

Is féidir iontráil a dhéanamh ar líne anseo roimh Dé hAoine 23 Feabhra 2018:

https://gaillimhlegaei.wpenginepowered.com/gradam-sheosaimh-ui-ogartaigh/

Labhair Avril Smith, Bainisteoir Ionad na Faiche Móire faoi Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2017 a bhuachan:

“Ní gá duit a bheith i do chainteoir líofa Gaeilge le páirt a ghlacadh sa Ghradam mar tá foireann Ghaillimh le Gaeilge ann le cuidiú leat ó thús deireadh an phróisis. Déanfaidh siad athbhreithniú ar do ghnó ó thaobh íomhá de – comharthaíocht, ábhar margaíochta, meáin shóisialta, agus fógraíocht. Is cinnte gur chuidigh an Gradam linn cur go mór le próifíl Ionad na Faiche Móire, fuair muid go leor leor poiblíochta go háitiúil agus go náisiúnta.  Tá sé ar cheann de na rudaí is fearr dá ndearnamar riamh páirt a ghlacadh sa Ghradam.”

Tapaigh an deis inniu!

#GradamGleG

Related Articles

Tá Gaillimh le Gaeilge ag earcú! 
Tá Gaillimh le Gaeilge ag earcú! 

Tá muid ag lorg duine fuinniúil, díograiseach agus dearfach a thaitníonn leo a bheith ag obair le daoine, smaointe nua a fhorbairt agus deiseanna nua a chruthú don Ghaeilge sa chathair. 📜 Post lánaimseartha ar théarma seasta trí bliana, faoi réir maoinithe(Beidh...

Comórtas ‘Ardán’ le Glór na nGael
Comórtas ‘Ardán’ le Glór na nGael

Buíochas mór do Ghlór na nGael as muid a roghnú mar bhuaiteoirí i gCatagóir ‘Labhairt na Gaeilge’ ag a gcomórtas úrnua, ‘Ardán’! Is iontach an t-aitheantas é seo dár gcuid oibre agus is ardán náisiúnta den scoth é dár bhféile dhátheangach, Tonnta a bhíonn ar siúl i...

Aon Scéal ar ais
Aon Scéal ar ais

Tá ‘Aon Scéal?’ ar ais sa Harbour Hotel !! ‘Aon Scéal?’ is back at Harbour Hotel !! Gach Céadaoin 19:00 – 20:00 Harbour Hotel Galway Bí linn gach Céadaoin sa Harbour Hotel Galway ó 19:00 – 20:00 Tá páirceáil saor in aisce ar fáil dóibh siúd atá ag freastal ar an...