‘An Nollaig is fearr a bhí agam riamh’

12th November 2018

Bhí ríméad ar Ionad Siopadóireachta na Coiribe a fhógairt gurb é Naoise Geraghty ó Scoil Shéamais Naofa, Bearna, buaiteoir an chomórtais aiste ‘An Nollaig is fearr a bhí agam riamh’. Bhuaigh Naoise ciseán Nollag álainn le meascán de leabhair Ghaeilge agus Bhéarla a bhuíochas le Siopa Leabhar agus Dánlann Uí Chionnaith agus fuair sé dearbhán €300.00 dá scoil chomh maith. Is iad Gaillimh le Gaeilge a bhí mar mholtóirí ar an gcomórtas agus bhronn Ardfheidhmeannach na heagraíochta, Bríd Ní Chonghóile, an duais ar Naoise. Bhí sé féin agus a mhuintir i láthair ag seoladh shéasúr na Nollag in Ionad Siopadóireachta na Coiribe le déanaí. Ghlac Naoise leis an duais le ‘Go raibh míle maith agaibh’ agus meangadh mór gáire ar a aghaidh!

Ghlac Ionad Siopadóireachta na Coiribe agus Siopa Leabhar agus Dánlann Uí Chionnaith araon páirt i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh – gradaim bhliantúla Ghaillimh le Gaeilge do ghnónna dátheangacha níos luaithe i mbliana. Eagraíonn Gaillimh le Gaeilge an Gradam i gcomhar leis an Galway Advertiser agus le tacaíocht TG4 agus Chumann Tráchtála na Gaillimhe. Tugann an Gradam aitheantas agus údar ceiliúrtha do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí i gcathair na Gaillimhe as an nGaeilge a úsáid ina ngnó ar bhonn laethúil agus treisíonn sé stádas na cathrach mar Chathair Dhátheangach agus mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020.

Agus í ag labhairt ag an mbronnadh, dúirt Bríd Ní Chonghóile, Gaillimh le Gaeilge; “Comhghairdeachas le Naoise, scríobh sé aiste álainn agus cá bhfios nach mbeidh sé ina scríbhneoir cáiliúil amach anseo agus a chuid leabhar á ndíol ag Siopa Leabhar & Dánlann Uí Chionnaith!  Tá muid an-sásta a bheith páirteach sa togra seo ‘Comórtas Aiste 2018’ agus is iontach an rud é chomh maith rannpháirtithe Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a bheith ag obair le chéile chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc ghlúin óg na cathrach.  Táimid ag súil le ‘Comórtas Aiste 2019’ cheana féin!”

 

Related Articles

Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i ré na hIntleachta Saorga
Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i ré na hIntleachta Saorga

Mar chuid d'Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, tá áthas ar Roinn na Gaeltachta cuireadh a thabhairt duit spéis a léiriú i gcomhdháil idirnáisiúnta dar teideal Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i ré na hIntleachta Saorga, a dhéanfaidh...

Club Reatha na Gaillimhe

Tá grúpa nua reatha i gCathair na Gaillimhe ag iarraidh daoine a tharraingt le chéile chun an Ghaeilge a labhairt, rúinín beag aclaíochta a dhéanamh agus cupán caife a bheith acu ina dhiaidh. Tá Gaillimh le Gaeilge, i gcomhar le Caifé na Taibhdheirce (Amharclann...

Caife agus Comhrá 15/10/2026
Caife agus Comhrá 15/10/2026

An mbeadh aon mhisneach agat triail a bhaint as cluiche Scrabble as Gaeilge? ♟🧩👀Up for a game of Scrabble as Gaeilge? Buail isteach chuig Leabharlann Chathair na Gaillimhe an Déardaoin beag seo ag 14:30 le haghaidh cupán caife, comhrá agus comhluadair, agus cluichí...