Pioc Suas Mé

Tá Gaillimh le Gaeilge ag tabhairt deise iontach don lucht gnó ardán a thabhairt dá gcomhlacht trí fhógra a chur sa leabhrán ‘Pioc Suas Mé!’ a bheidh deartha go speisialta dá ngnólacht féin.

Is féidir 1,000 leabhrán a ordú le brandáil chomhlachta nó eagraíochta ar chostas €300. (Tá costas de €270 i gceist más mian d’obair ealaíne fhéin a chur ar fáil)

Céard iad?

Is éard atá i gceist le ‘Pioc Suas Mé!’ ná leabhráin bheaga le beannachtaí agus frásaí simplí as Gaeilge do bhialanna agus d’óstáin atá curtha le chéile ag Gaillimh le Gaeilge. Tá na frásaí seo aistrithe go Béarla sa leabhrán agus litriú foghraíochta curtha leo chun cuidiú le cuairteoirí agus le muintir na Gaillimhe araon triail a bhaint as an nGaeilge!

Conas ordú a dhéanamh?

Má tá tuilleadh eolais uait faoin leabhrán ‘Pioc Suas Mé!’ nó más mian leat iad a ordú, déan teagmháil le Gearóidín ag 091 568876 nó seol ríomhphost chuig [email protected] 

Nuacht an Ghradaim

Urraí Ghradam 2026 fógartha ag Méara Chathair na Gaillimhe
Urraí Ghradam 2026 fógartha ag Méara Chathair na Gaillimhe

Click Here to Enter Online Businesses and organisations in Galway City can now enter Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 26 for a chance to win prizes and benefits worth over €40,000, along with the prestigious title of Galway’s bilingual business of the year. Organised by...

read more