Cuirimis muintir Chathair na Gaillimhe ag caint Gaeilge! #SeirbhísTríGhaeilge

9ú Lúnasa 2024

Treibh na Máirte – Gaeltacht Dhigiteach.

An gcuireann do chomhlacht nó d’eagraíocht i gCathair na Gaillimhe #SeirbhísTríGhaeilge ar fáil do do chuid custaiméirí? Má chuireann, ba mhaith linne, Gaillimh le Gaeilge, cuireadh a thabhairt duit a bheith páirteach san fheachtas #SeirbhísTríGhaeilge agus do rannpháirtíocht ann a fhógairt don saol mór!

Tá pobal beo Gaeilge i gCathair na Gaillimhe agus tá an pobal sin ag dul i méid. Bí mórtasach as an bhfoireann atá agat a labhraíonn Gaeilge! Ná dearmad, ní hamháin gur anseo atá ár gCathair Ghaeltachta féin agus go bhfuil an chathair seo freisin ar thairseach Ghaeltacht Chonamara, is í Cathair Dhátheangach na hÉireann freisin í! Is é sin an ghné dhíolacháin ar leith atá againn!   Remember, we are not only home to our own city-Gaeltacht and gateway to the Connemara Gaeltacht, but we are also Ireland’s Bilingual  Cultural City! It’s our unique selling point!

Trí seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil, beidh tú ábalta teagmháil a dhéanamh le níos mó custaiméirí, de bharr go bhfuil tú ag insint don phobal go bhfuil tú ábalta déileáil le cainteoirí Gaeilge, bídís ina bhfoghlaimeoirí nó ina gcainteoirí dúchais.

ROIMHE SEO…

Sheol Iar-Mhéara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Clodagh Higgins, dhá thionscnamh arna gcruthú ag Ollscoil na Gaillimhe agus ag Gaillimh le Gaeilge anuraidh ar mhaithe le cur leis an méid Gaeilge a labhraítear i gCathair na Gaillimhe.

Is príomhbhearta iad an dá thionscnamh seo i bPlean Teanga Chathair na Gaillimhe agus tá ról thar a bheith tábhachtach acu i dtaobh an stádas ‘Baile Seirbhíse Gaeltachta’ a bhaint amach do Ghaillimh. Áirítear sa phlean go gcruthófaí eolaire áitiúil, mar aon le suaitheantais, chun go mbeifear in ann na daoine a labhraíonn Gaeilge a aithint.

Is liosta cuimsitheach de ghnólachtaí agus eagraíochtaí sa chathair atá in ann #SeirbhísTríGhaeilge a chur ar fáil é an t-eolaire áitiúil ‘An tEolaire - Seirbhís trí Ghaeilge’ atá cruthaithe ag Gaillimh le Gaeilge le cúnamh ó Roinn na Gaeltachta. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar www.gleg.ie

Tá bróiste nua cruthaithe ag Ollscoil na Gaillimhe chun go mbeifear ábalta baill foirne atá ábalta seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil a aithint go héasca ar champas na hOllscoile. Tá na bróistí á scaipeadh anois ag Gaillimh le Gaeilge ar baill foirne atá in ann #SeirbhísTríGhaeilge a sholáthair i gCathair na Gaillimhe.

Dá mba mhaith leat do chomhlacht a chur leis an Eolaire, lean an nasc thíos nó seol ríomhphost chugainn ar [email protected] chun tuilleadh eolais a fháil.

https://gleg.ie/claraigh-linn/7

AN CHÉAD CHÉIM EILE... Cuirimis muintir Chathair na Gaillimhe ag labhairt Gaeilge!

Táimid ag bogadh ar aghaidh ANOIS go dtí an chéad chéim eile - ina gcuirfimid muintir na Gaillimhe ar an eolas faoi CÉ agus CÉN ÁIT a gcuireann #SeirbhísTríGhaeilge ar fáil dá gcuid custaiméirí.

Reáchtálfar an feachtas seo ar ár n-ardán digiteach Gaeltachta ar na meáin shóisialta!

Cuirfidh muid gnólacht nó eagraíocht atá lonnaithe i gCathair na Gaillimhe agus a chuireann #SeirbhísTríGhaeilge ar fáil in airde ar na meáin shóisialta gach seachtain. Déanfar ‘Treibh na Máirte’ a uaslódáil gach tráthnóna Dé Máirt chun go bhfeicfidh ár lucht leanúna go bhfuil comhlacht ar leith mórtasach as an bhfoireann atá acu atá in ann Gaeilge a labhairt agus gur mhaith leo rogha teanga a thabhairt dá gcuid custaiméirí.

Bí ag faire amach gach seachtain do ‘Threibh na Máirte’ ar ár n-ardáin meán sóisialta (Instagram, Facebook, X, agus LinkedIn) agus ag faire freisin do na comharthaí #SeirbhísTríGhaeilge ar fud shráideanna Chathair na Gaillimhe. Tabhair ar aird freisin gur limistéar Gaeltachta a bheidh anois i sráideanna Chathair na Gaillimhe!

Má theastaíonn uait go mbeadh do ghnólacht páirteach sa bhfeachtas digiteach Gaeltachta seo, seol ríomhphost chuig [email protected] chun tuilleadh eolais a fháil. Cuirimis muintir Chathair na Gaillimhe ag labhairt Gaeilge! #SeirbhísTríGhaeilge

Related Articles

Nollaig Shona ó Ghaillimh
Nollaig Shona ó Ghaillimh

Nollaig Shona – Merry Christmas Nollaig Shona agus Athbhliain faoi Mhaise -Merry Christmas and a Happy New Year Beannachtaí na Nollag– Christmas Greetings Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise dár gCustaiméirí go léir – Happy Christmas & a Healthy &...

Ciorcal Comhrá
Ciorcal Comhrá

The Ciorcal Comhrá will be take place on Tuesday, 11th of October, 1pm-2pm in PorterShed a Dó, 15 Market Street H91 TCX3 🎉 All levels of Irish speakers are welcome to attend this informal event, including learners and those who wish to brush up on their Gaeilge 💚 RSVP...

Amhránaíocht Thraidisiúnta le Cáit Ní Riain
Amhránaíocht Thraidisiúnta le Cáit Ní Riain

This month, join us for a special evening of music and culture with Cáit Ní Riain, a renowned traditional singer, who will share her songs and stories with us. 📅 13/11/2025 🕚6:00 -7:00 pm 📍 Leabharlann Chathair na Gaillimhe | Galway City Library RSVP:...