Ceardlann Chártaí Nollag Gaeilge do Ability West agus Snipe Day Service

24th November 2025

An tseachtain seo, bhí Ceardlann Chártaí Nollag Gaeilge do Ability West agus Snipe Day Service i gcompháirtíocht le Plean Teanga Chathair na Gaillimhe ar siúl in Ability West, cathair na Gaillimhe.

Bhí Majella, Oifigeach Pleanála Teanga Ghaillimh le Gaeilge ag stiúradh na ceardlainne d’úsáideoirí na seirbhísí in Ability West agus Snipe Day Service. Bhí roinnt de na daoine a bhí ag freastal ar an gceardlann sin ina gcainteoirí dúchasacha ón Spidéal, Maigh Cuilinn agus ó Leitir Mealláin agus áiteanna eile i gConamara.

Is í sprioc na ceardlainne ná comhdheiseanna a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas agus iad a chur san áireamh in obair Phlean Teanga Chathair na Gaillimhe.

Beidh na Cártaí Nollag Gaeilge seo ar díol i siopaí áitiúla i gCathair na Gaillimhe go luath

For more information: [email protected]

Related Articles

Caife agus Comhrá 15/10/2026
Caife agus Comhrá 15/10/2026

An mbeadh aon mhisneach agat triail a bhaint as cluiche Scrabble as Gaeilge? ♟🧩👀Up for a game of Scrabble as Gaeilge? Buail isteach chuig Leabharlann Chathair na Gaillimhe an Déardaoin beag seo ag 14:30 le haghaidh cupán caife, comhrá agus comhluadair, agus cluichí...

Grúpa Tuismitheoirí & Leanaí
Grúpa Tuismitheoirí & Leanaí

Beidh Grúpa Tuismitheoirí agus Leanaí ar siúl arís ar an Satharn an 17 Deireadh Fómhair ag 11.30 r.n. -12.30 i.n. i Leabharlann an Taoibh Thiar, Cathair na Gailimhe. 💚Do pháistí ó 0-5 bliana d'aois. 💚Saor in aisce. 💚Tuilleadh eolais ag Gaillimh le Gaeilge ag...

Tá Gaillimh le Gaeilge ag earcú! 
Tá Gaillimh le Gaeilge ag earcú! 

Tá muid ag lorg duine fuinniúil, díograiseach agus dearfach a thaitníonn leo a bheith ag obair le daoine, smaointe nua a fhorbairt agus deiseanna nua a chruthú don Ghaeilge sa chathair. 📜 Post lánaimseartha ar théarma seasta trí bliana, faoi réir maoinithe(Beidh...