“Bhí ríméad an domhain orainn Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a bhaint amach in 2014. Táim an-bhródúil as an bhfoireann i Tesco Gaillimh agus tá sé iontach go bhfuair an fhoireann aitheantas as an obair chrua, as a gcuid iarrachtaí agus as a dtiomantas, go háirithe agus caighdeán na n-iarratas eile chomh hard sin. Comhghairdeas leo ar fad as Gradam den scoth a chur ar fáil agus buíochas ó chroí do Ghaillimh le Gaeilge as a gcúnamh agus as a dtacaíocht. Má tá tú ag smaoineamh iarratas a dhéanamh ar an nGradam amach anseo, b’fhiú go mór duit tabhairt faoi. Bhaineamar féin an-taitneamh as an nGaeilge a thabhairt isteach mar theanga bheo inár ngnó agus táimid ag tnúth le leanúint ar aghaidh á dhéanamh sin san am atá amach romhainn. Fiú amháin chuireamar brandáil i nGaeilge agus i mBéarla inár siopa Fóin Soghluaiste an tseachtain seo! Fuaireamar an t-uafás aiseolais a bhí thar a bheith dearfach ónár gcustaiméirí, ón lucht gnó agus ó chuairteoirí chuig an stór. Míle buíochas.”
Denis McCarthy – Tesco na Gaillimhe
Buaiteoirí na gCatagóirí i 2014 ná:
- Fógraíodh Óstán an Ardoileáin mar bhuaiteoirí ar an gcatagóir ‘Fáilteachas agus Turasóireacht’ urraithe ag Fáilte Ireland.
- Fógraíodh Brendan James Financial Services mar bhuaiteoirí ar an gcatagóir ‘Seirbhísí’ urraithe ag Snap Galway.
- Fógraíodh Dúchas na Gaillimhe mar bhuaiteoirí ar an gcatagóir ‘Comhlachtaí Eile’ urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.