Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta

 i gComhar le ‘Fiontar & Scoil na Gaeilge’, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Sheol Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta thar ceann Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge agus i gcomhpháirtíocht le ‘Fiontar & Scoil na Gaeilge’, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Chliath in Áras na Gaeilge, OÉ Gaillimh. Ba é Peadar an chéad chathaoirleach agus ball bunaithe Ghaillimh le Gaeilge agus ba é a leag síos an bhunchloch d’fheidhmiú na heagraíochta.

Tá an píosa dealbhóireachta don Duais Aitheantais deartha go speisialta ag an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney, sean-chara é Pádraic le Peadar.  Bronnfar é  ar  dhaoine  nó ar eagraíochtaí a bhfuil sár-iarracht déanta acu maidir le húsáid na Gaeilge agus nach bhfuil bainteach go sonrach le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh. Bhronn an tAire Stáit do Ghnóthaí Pobail, Acmhainní Nádúrtha agus Forbairt Dhigiteach, Seán Kyne, TD, Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta ar Bhernie Ó Conaill ag Bronnadh Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018, os comhair a mhuintire, a chairde agus a chomhghleacaithe. Is é seo an chéad uair a rinne Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge bronnadh dá leithéid i gCathair na Gaillimhe.

Thréaslaigh Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge Bernadette Mullarkey le Bernie agus dúirt:

“Shocraigh Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta a bhronnadh ar Bhernie Ó Conaill de bharr an obair mhór atá déanta aige i gcur chun cinn na Gaeilge i nGaillimh.  Tá aithne mhaith ar a chuid oibre sa saol spóirt, san earnáil oideachais agus sna meáin chumarsáide ach go háirithe.  Is léir do dhaoine,  tar éis casadh leis den chéad uair, go bhfuil cion agus ardmheas ar leith aige ar an nGaeilge agus go bhfuil sí lárnach ina shaol pearsanta agus proifisiúnta ar aon”.

Lean sí ar aghaidh agus dúirt:  “Is ábhar bróid dúinne chomh maith, mar  Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge,  an comóradh seo a dhéanamh ar  Pheadar  agus ar an  tréimhse a chaith sé go fial flaithiúil linn i nGaillimh le Gaeilge. Smaointeoir doimhin fadbhreathnaíoch a bhí ann, dírithe ar an sprioc fhadtéarmach i gcónaí.  Rinne sé stiúradh stuama ar an eagraíocht agus bhí sé i gcónaí ina chara dílis dúinn.”