Plean Teanga Chathair na Gaillimhe 2020-2026
Plean Teanga Chathair na Gaillimhe 2020-2026: Forléargas
D’fhógair Jack Chambers,T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit do Spórt & don Ghaeltacht go bhfuil plean teanga Chathair na Gaillimhe ceadaithe – rud a fhágann go bhfuil sé aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. D’fhógair siad chomh maith go mbeidh €100,000 sa bhliain á chur ar fáil chun tacú le cur i bhfeidhm an phlean teanga thar thréimhse seacht mbliana.
Tá sé léirithe sa Phlean Teanga go mbaineann tábhacht as cuimse le Gaillimh mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta toisc go bhfuil cáil na Gaeilge ar an gcathair le fada an lá agus toisc go bhfuil sí buailte leis an gceantar Gaeltachta is mó agus is láidre sa tír.
Mapa bóthair atá i bPlean Teanga na cathrach atá bunaithe ar chomhairliúchán leathan agus a thugann léiriú cruinn é ar mhianta mhuintir na Gaillimhe. An toradh a bheidh air seo ar fad ná go gcuirfí seirbhísí poiblí, tráchtála agus siamsaíochta ar fáil a rachaidh chun tairbhe do phobal na cathrach agus pobal na Gaeltachta atá ar leac an dorais.
Tá cuntas sa phlean ar na 37 beart atá le cur i bhfeidhm in imeacht tréimhse seacht mbliana faoi mhaoirseacht Ghaillimh le Gaeilge i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Tacóidh an grúpa comhairleach, a dhéanann ionadaíocht ar na heagraíochtaí agus na hinstitiúidí a bhaineann le cur i bhfeidhm na 37 beart, leis an dá phríomhpháirtí a bheidh ag déanamh maoirseacht ar chur i bhfeidhm an phlean ó lá go lá.
Ba mhaith le Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge a mbuíochas ó chroí a ghlacadh leis an Dr John Walsh, Roinn na Gaeilge agus an Dr Dorothy Ní Uigín, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a bhí i gceannas ar fhoireann saineolaithe sa phleanáil teanga (An Meitheal Taighde) chun Plean Teanga seacht mbliana (2020-2026) a chur i dtoll a chéile don chathair ar mhaithe le stádas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a bhaint amach.
Tá buíochas ar leith tuillte dár gcomhpháirtithe, is iad sin Comhairle Cathrach na Gaillimhe, mar aon le Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga, Gaillimh, an Fo-Ghrúpa Oibre agus le gach duine a ghlac páirt sa Phlean as ucht an éacht oibre atá déanta acu ar shon an tionscnaimh seo.
Tá Plean Teanga Chathair na Gaillimhe 2020-2026 ar fáil ANSEO.
Tá an Tionscadal Gaeilge seo á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge tríd An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Gaillimh (CSPT Gaillimh)
Bhunaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Gaillimh le Gaeilge coiste stiúrtha nua (Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Gaillimh (CSPT Gaillimh)) le tacú le agus treoir a thabhairt d’ullmhú agus seachadadh plean Gaeilge do Chathair na Gaillimhe. Tá ionadaíocht ar an gCoiste ó na hearnálacha poiblí, príobháideach, pobail agus deonacha i gCathair na Gaillimhe.
- John Mullin – Oifigeach Ghaeilge, Comhairle Cathrach na Gaillimhe
- Bernadette Mullarkey – Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge
- Declan Varley – Eagrathóir an Ghrúpa, The Galway Advertiser
- Eithne Verling – Stiúrthóir, Museum Chathair na Gaillimhe
- Dr Iognáid Ó Muircheartaigh – Stiúrthóir Ghaillimh le Gaeilge
- Ailish Rohan – Comhairle Cathrach na Gaillimhe
- Bríd Ní Chonghóile – Ardfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge
- Gary McMahon – Oifigeach Chumarsáide, Comhairle Cathrach na Gaillimhe
- An Comhairleoir Níall McNelis- Comhairle Cathrach na Gaillimhe
- An Comhairleoir Frank Fahy – Comhairle Cathrach na Gaillimhe
- Brendan McGrath – Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe
- Niall Ó Brolacháin – Insight Centre.
Nuacht faoin bPlean Teanga

Plean Teanga Chathair na Gaillimhe 2020-2026
30 Jun 2021Tá Plean Teanga Chathair na Gaillimhe 2020-2026 ar fáil le híosloadáil ANSEO.
LÉIGH NÍOS MÓ
Folúntas - Comhordaitheoir Pleanála Teanga á lorg ag Gaillimh le Gaeilge.
9 Jun 2021Comhordaitheoir Pleanála Teanga á lorg ag Gaillimh le Gaeilge. Is é Gaillimh le Gaeilge a bheidh freagrach as feidhmiú Plean Teanga Chathair na Gaillimhe. Beidh an obair seo á ...
LÉIGH NÍOS MÓ
D’fhógair Jack Chambers,T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit do Spórt & don Ghaeltacht inniu go bhfuil plean teanga Chathair na Gaillimhe ceadaithe
14 May 2021D’fhógair Jack Chambers, T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit do Spórt & don Ghaeltacht go bhfuil plean teanga Chathair na Gaillimhe ceadaithe – rud a fhágann go bhfuil sé ...
LÉIGH NÍOS MÓ
Tuairimí an Phobail faoi Phlean Gaeilge do Chathair na Gaillimhe á lorg
20 Mar 2019Tá suirbhé seolta ag OÉ Gaillimh chun tuairimí an phobail a bhailiú faoin bPlean Gaeilge atá beartaithe do Chathair na Gaillimhe 2019-2026. Tá an taighde á dhéanamh ar son Chomhairle ...
LÉIGH NÍOS MÓ