COMHARTHAÍOCHT

Comharthaíocht

Is bealach iontach í an chomharthaíocht le híomhá dhátheangach a thabhairt do do ghnó. Tá tionchar láithreach agus éifeachtach ag comharthaí dátheangacha ar an gcustaiméir, fiú roimh a thagann siad isteach sa ghnó.

Tá treoracha ginearálta ann, ach caithfear rudaí éagsúla a chur san áireamh. Mar shampla beidh gá le soiléireacht níos mó nuair atá go leor comharthaí casta in aice a chéile, agus beidh comharthaí eile le brandáil agus lógó agus gan mórán eile.

De ghnáth, is treoir mhaith í go mbeidh an dá theanga ar chomh-shoiléireacht  agus ar chomh-mhéid.

De ghnáth nuair atá duine ag léamh comharthaí dátheangacha, léann siad an teanga a thuigeann siad ar dtús, agus mar sin má tá dearadh ceart déanta ar chomharthaí dátheangacha, ní ceart go gcuirfidh sé isteach ar theachtaireacht an chomhartha.

Comharthaíocht

Tuilleadh Eolais

Gaeilge sa Ghnó

Tá an tseirbhís ‘Gaeilge sa Ghnó’ ann chun comhlachtaí a threorú tríd an bpróiseas chun Gaeilge a shní isteach ina ngnó, is cuma an beagáinín Gaeilge nó gnó iomlán dhátheangach atá uathu.

Léigh níos mó