FOIREANN

Staff

Bríd Ní Chonghóile

Príomhfheidhmeannach

brid@gleg.ie

Is as Ceathrú na gCloch i nGaeltacht Chontae Mhaigh Eo do Bhríd Ní Chonghóile. Tá níos mó ná fiche blian de thaithí ag Bríd ag cur Gaillimh chun cinn mar Chathair Dhátheangach agus mar lár-ionad domhanda don Chultúr Ceilteach Éireannach do phobail na hÉireann agus na hEorpa araon.

Mar Phríomhfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge, is é an príomhfhreagracht atá uirthi ná bainistíocht laethúil a dhéanamh ar Ghaillimh le Gaeilge, fás agus forbairt a chur faoi phlean gníomhaíochta an Bhoird ar bhealach forásach agus nuálach, mar aon le caidrimh láidre ghnó agus nascanna a chruthú agus a chothú le gnólachtaí, grúpaí spóirt agus deonacha, páirtithe leasmhara, ranna rialtais agus grúpaí ábhartha eile.

Chaith Bríd tréimhse mar Chomhalta Boird de Chumann Trachtála na Gaillimhe, VEC Chathair na Gaillimhe, (anois GRETB) Foras na Gaeilge, Grúpa Turasóireacht Cathrach agus Contae na Gaillimhe agus tá sí ina ball de Líonra Pobail Chathair na Gaillimhe.

Is iar-Uachtarán í de chuid Network Ireland Gaillimh agus iar-bhall í d’Fheidhmeannacht Náisiúnta Network Ireland, an eagraíocht do mhná i nGnó, sna Gairmeacha agus sna hEalaíona. Bronnadh duais ‘Síntiús dearscnaithe do Ghnó i nGaillimh’ ar Bhríd ag Gradaim Mhná Gnó na Bliana de chuid Network  agus bronnadh  Gradam Vodafone ‘Passion for the World Around Us’ i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe uirthi chomh maith, de bharr a tiomantas i gcur na Gaeilge chun cinn i gcathair na Gaillimhe.

Gearóidín Hynes

Bainisteoir Tograí

gearoidin@gleg.ie

Is ó Chathair na Gaillimhe Gearóidín ó dhúchais. Bhain sí amach céim sa Ghaeilge, Socheolaíocht agus Polaitíocht in OÉ Gaillimh agus ansin lean sí ar aghaidh chun Máistreacht a bhaint amach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath leis an scoil FIONTAR. D’oibrigh Gearóidín le roinnt eagraíochtaí i mBaile Átha Cliath, ina measc siúd bhí Ionad Ealaíne Axis, Coláiste Phádraig agus Foras na Gaeilge.

Ina ról mar Bhainisteoir Tógraí, bíonn Gearóidín i bhfeighil ar réimse leathan tógraí ar nós Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, Gaeilge sa Ghnó, Eolaire Gnó, Dialann Ghaillimh le Gaeilge, Gaeilge ar na Biachláir agus Pioc Suas Mé. Bíonn Gearóidín i dteagmháil le hionadaí ón lucht gnó go rialta chun comhairle agus cúnamh a thabhairt dóibh ag úsáid na Gaeilge ina gnó. Tá Gearóidín freagrach as forbairt agus uasdátú www.gleg.ie

Ciara O'Connor

Oifigeach Tograí

ciara@gleg.ie

Is as contae na Gaillimhe do Chiara agus thosaigh sí ag obair le Gaillimh le Gaeilge in 2019. Bhain sí amach céim B.A Idirnáisiúnta sa Ghaeilge agus sa Fhraincis ó hOllscoil na hÉireann, Gaillimh agus chuaigh sí ar aghaidh chun M.A i gCleachtas Garimiúil sna Meáin a bhaint amach chomh maith. Mar chuid den chúrsa M.A chaith sí tréimhse luachmhar ag obair le RTÉ inár oibrigh sí go mór leis na meáin agus leis an nGaeilge. Le linn an ama seo, bhí sí mar chuid d’fhoireann léirithe Scannal agus Cloch le Carn, agus chomh maith leis sin chaith sí tréimhse ag obair i Rannóg na Meáin Dhigiteacha ag díriú isteach ar iriseoireacht ar líne.

Tá taithí aici ar WordPress agus mar gheall ar sin, tá sí freagrach as forbairt agus uasdátú www.gleg.ie agus bainistíocht na meáin shóisialta s’acu.

 

Seána Redmond

Riarthóir Oifige

eolas@gleg.ie

Is as Loch Garman do Sheána ó dhúchais. Bhain sí amach céim BA sa Chumarsáid trí mheán na Gaeilge ó hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe agus Teastas Iarchéime san Oideachas trí mheán na Gaeilge ó Choláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste.

Tá an-spéis aici i gceol, i gcultúr agus in oidhreacht na hÉireann. Chaith sí blianta ag obair mar mhúinteoir Gaelscoile i Loch Garman agus ag cur ranganna ceol, rince ar an sean-nós agus Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta. Léirigh sí agus láithrigh sí a clár seachtainiúla féin; Tobar an Dúchais ar Raidió na Life. Tá Seána ag obair sa ról mar Riarthóir Oifige le Gaillimh le Gaeilge.