#GRMAGaillimh

Dearadh an scéim #GRMAGailllimh chun baill de lucht gnó na Gaillimhe atá ar bheagán Gaeilge a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid go laethúil ina gcuid gnólachtaí.

Rinne Gaillimh le Gaeilge an feachtas #GRMAGaillimh a athsheoladh le físeán ag léiriú tréithe uathúla agus speisialta na cathrach a bhaineann le stádas dátheangach na Gaillimhe. Is é an aidhm atá leis an bhfhíseán seo ná iad siúd ar bheagán Gaeilge a spreagadh chun triail a bhaint as an nGaeilge trí úsáid a bhaint as ‘Dia duit, Slán agus Go raibh maith agat’ ina gcuid gnóthaí ó lá go lá.

Tugann an físeán nua-eisithe, cruthaithe ag Gaillimh le Gaeilge agus léirithe ag GK Media cuireadh dúinn taithí a fháil ar an gcarasma agus ar an draíocht atá cruthaithe ag an dátheangachas sa chathair de réir mar a fheiceann tú, a chloiseann tú agus a mhothaíonn tú an teanga agus tú ag siúl trí shráideanna na Gaillimhe. Mar  a deir an scéalaí san fhíseán, “ Is é an ‘Dia duit / Slán / GRMA’ ar shráideanna na Gaillimhe a dhéanann Galway… Gaillimh / a thugann cáil na Gaillimhe do Gaillimh” Díríonn an físeán ar chailín óg a leanaimid agus í ag déanamh a bealach chun na hoibre, ag bualadh  isteach agus amach ó na siopaí agus ag beannú i nGaeilge leo siúd a chasann sí leo ar an mbealach.

 

Sa bhliain 2016, d’fhógair Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn gur chathair dhátheangach í Gaillimh ag searmanas speisialta i gComhairle Cathrach na Gaillimhe. Sa bhliain chéanna, chruthaigh Gaillimh le Gaeilge an feachtas #GRMAGaillimh den chéad uair riamh le tacaíocht ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe, Cumann Gnó Chathair na Gaillimhe agus The Latin Quarter chun ceiliúradh a dhéanamh ar an stádas dátheangach nua agus chun ball den phobal gnó a spreagadh chun úsáid níos mo a bhaint as  ‘Dia duit, Slán agus Go raibh maith agat’ agus iad ag beannú dá gcuid custaiméirí.

Tá an físeán ar fáil ar ardáin meán shóisialta Ghaillimh le Gaeilge nó cliceáil anseo. Más maith leat snas a chur ar do chúpla focal in 2022, seo a leanas  cúpla nath atá éasca le húsáid agus atá curtha ar fáil leis an aistriúchán Béarla agus leis an litriú foghraíochta dóibh siúd ar bheagán Gaeilge chun páirt a ghlacadh ann. Cliceáil anseo  chun na nathanna #GRMAGaillimh a íoslódáil.