FOCLÓIR / ACMHAINNÍ AR LÍNE

Foclóir/Acmhainní Ar Líne

Seo chugat liosta  de na suíomhanna gréasáin ar líne a chabhróidh  leat an Ghaeilge a úsáid i do ghnó agus i do shaol laethúil. Má tá tuilleadh eolais nó moltaí uait,  déan teagmháil linn ar 091 568876 nó eolas@gleg.ie.

Aistriúchán

Cuireann Gaillimh le Gaeilge seirbhís aistriúcháin ar fáil tríd an scéim ‘Cairde Ghaillimh le Gaeilge’.  

Más ‘Cara Maith’ nó ‘Dlúthchara’ tú,  d’fhéadfá leas a bhaint as an seirbhís aistriúcháin do chomharthaí, ábhar margaíochta, biachláir ‘srl. (Níl doiciméid/CV san áireamh)  Le haghaidh tuilleadh eolais, seol ríomhphost le do thoil chuig eolas@gleg.ie.

Foclóir ar líne – www.tearma.ie
Foclóir ar líne – www.focloir.ie
Gaelspell – Seicealaí Gramadaí & Litriú https://www.cruinneog.com/gaelspell_newGA.html
Bunachar Sonraí de logainmneacha na hÉireann – https://www.logainm.ie/
Gaelchultúr – Ranganna agus Acmhainní Gaeilge – https://gaelchultur.com/
Cúrsa Gaeilge ar líne – https://www.bitesizeirish.ie/
Cúrsaí Gaeilge ar líne –https://www.ranganna.com/
Siopa Leabhar Gaeilge ar líne – www.litriocht.com
Nuachtán Gaeilge ar líne https://www.tuairisc.ie/
Cártaí Gaeilge le ceannacht ar líne: www.smaointe.com
Áras na nGael: https://www.arasnangael.ie/

Tá sé fíor-thábhachtach gur aistriúchán cruinn Gaeilge atá agat, go háirithe nuair atá comharthaí á gcur suas agat nó Gaeilge á úsáid ar bhróisiúir nó ábhar eile á phriontáil agat. Is scil speisialta é an t-aistriúchán. Mar sin, beidh seirbhís aistriúcháin ghairmiúil uait.

Ní gá, fiú má tá cúpla teanga ag duine, go bhfuil sé/sí cáililthe chun aistriúchán a dhéanamh.  Níor cheart duit, mar sin, iarraidh ar dhuine nach bhfuil cáilithe mar aistritheoir freagracht a ghlacadh as aon obair aistriúcháin. Breathnaíonn botúin litrithe, mar shampla, go-dona don eagraíocht nó don chomhlacht, agus de ghnáth déanann botúin ar chomhartha nó ar ábhar foilsithe an-chuid damáiste do cháil an chomhlachta i leith na teanga agus na timpeallachta áitiúla.

Molann Gaillimh le Gaeilge aon ábhar dátheangach a sheoladh chugainn ag eolas@gleg.ie roimh dul i gcló.

Gaeilge sa Ghnó

Tuilleadh Eolais

Cairde Ghaillimh le Gaeilge

Cabhraigh linn an Ghaeilge a chur chun cinn i gCathair Dhátheangach na hÉireann.

Léigh níos mó