Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh
Is iad Gaillimh le Gaeilge a eagraíonn Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, i gcomhpháirtíocht leis an Galway Advertiser agus TG4 agus le tacaíocht speisialta ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe. Tá an Gradam dá shórt is faide atá ar an bhfód in Éirinn ainmnithe i gcuimhne ar Sheosamh Ó hÓgartaigh, nach maireann – duine de bhunaitheoirí Ghaillimh le Gaeilge agus a bhí ina rúnaí cuideachta tráth ar Ghaillimh le Gaeilge.
Déan Iontráil INNIU
Tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, Gradam Gnó Dátheangach na Gaillimhe, oscailte d'ainmniúcháin go dtí Dé Luain, 24 Eanáir 2022. Níl aon chostas le hiontráil. Beidh foireann Ghaillimh le Gaeilge ar fáil chun cuidiú leat ó thús deireadh an phróisis.
Gliogáil ANSEO chun iontráil a dhéanamh saor in aisceCén fáth ar fiú cuir isteach ar an nGradam?
- Cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta
Léiríonn páirtíocht sa Ghradam do thiomantas dár gcáil náisiúnta agus idirnáisiúnta mar chathair chultúrtha a láidriú.
- Stádas Dátheangach
Léiríonn sé do thacaíocht do Stádas Dátheangach do Chathair na Gaillimhe. Cén fáth go n-úsáidfeá an Ghaeilge i do ghnó?
- Poiblíocht Leathan
Poiblíocht leathan a aimsiú do do ghnó/do d’eagraíocht sna meáin chumarsáide Ghaeilge agus Bhéarla
- Buntáistí agus Duaiseanna
Is fiú os cionn €26,000 luach iomlán na hurraíochta don Ghradam i mbliana atá curtha ar fáil le cabhair ó na hurraí áitiúla. Bronnfar píosa dealbhóireachta uathúil atá deartha go speisialta ag an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney ar bhuaiteoirí na gcatagóirí agus an bhuaiteoir iomlán.
- Saor in aisce
Níl aon chostas iontrála i gceist agus beidh Gaillimh le Gaeilge ar fáil chun cuidiú leat ó thús deireadh an phróisis. Beidh an tseirbhís ‘An Ghaeilge sa Ghnó’ ar fáil uathu duit saor in aisce. Is pacáiste saincheaptha iomlán í an tseirbhís seo ina dtreoraítear thú tríd an bpróiseas chun do ghnó a chur in oiriúint don dátheangachas.
Ní gá a bheith líofa sa Ghaeilge chun páirt a ghlacadh sa Ghradam clúiteach seo.
Gheobhaidh an Buaiteoir iomlán:
- Pacáiste Fógraíochta ar luach €2,000 ón Galway Advertiser
- Pacáiste gnó luach €2,000 ó urra a gcatagóir
- Pacáiste Fógraíochta le TG4
- Ballraíocht bhliana le Cumann Tráchtála na Gaillimhe* agus le Gaillimh le Gaeilge
- Píosa dealbhóireachta uathúil deartha go speisialta ag Pádraic Reaney le coinneáil ar feadh bliana
Gheobhaidh Buaiteoirí na gCatagóirí:
- Pacáiste gnó ar luach €2,000 urraithe ag na gnólachtaí thíosluaite
- Macasamhail de Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh atá deartha go speisialta ag an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney.
- Poiblíocht fhorleathan agus ardmholadh sna meáin chumarsáide Gaeilge agus Béarla
- Físeán gairid faoi gach gnó, le béim ar an obair dhátheangach atá déanta, léirithe ag MOLSCÉAL
- Suaitheantas speisialta an Ghradaim
Iontrálacha:
Tá Gradam 2022 oscailte d’ainmniúcháin anois! Gliogáil ANSEO chun iontráil a dhéanamh ar líne
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le Gaillimh le Gaeilge ar 091 568876 nó seol rphost chuig eolas@gleg.ie. Féach na Téarmaí & Coinníollacha.
Dátaí Tábhachta – Gradam 2022
- 11 Feabhra 2022 – Spriocdháta d’iontrálacha
- 19 Aibreán 2022 – Spriocdháta do na Pacáistí Eolais
- 28 Aibreán 2022 – Fógairt an Ghearrliosta
- 2/9 Meitheamh 2022 – Bronnadh Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2022
*Tabhair faoi deara le do thoil, go bhféadfadh na dátaí thuas athrú mar gheall ar an éiginnteacht a bhaineann leis an bpaindéime domhanda ina bhfuilimid ann faoi láthair. Tarlóidh ócáidí phearsanta nuair atá sé sábháilte é sin a dhéanamh.
Painéal Moltóireachta
- Maeliosa Ó hÓgartaigh,Cuntasóir agus Fear Gnó ( mac le Seosamh Ó hÓgartaigh)
- Daithí Ó Gallchobhair, Bainisteoir, Slí an Atlantaigh Fhiáin, Fáilte Ireland
- Caroline Ní Fhlatharta, Oifigeach na Gaeilge, Oifig an Uachtaráin Ionaid & Meabhránaí, OÉ Gaillimh.
Nuacht an Ghradaim

An comhlacht tacsaí is mó i nGaillimh agus san Iarthar fógartha mar bhuaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, 2021 agus iad ainmnithe mar Threibh nua na Gaillimhe
5 Nov 2021Tar éis líon na n-iontrálacha don Ghradam is mó ná mar a bhí riamh roimhe seo, sé iomaitheoir déag sa bhabhta ceannais, cúig chatagóir agus dhá bhabhta de mholtóireacht fhíorúil, ...
LÉIGH NÍOS MÓ
Bronnadh Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020
29 Oct 2021Bhronn Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Colette Connolly na teastais mar aon leis na macasamhlacha ar bhuaiteoirí Gradam 2020, ar an Déardaoin, 28 Deireadh Fómhair 2021 ag ...
LÉIGH NÍOS MÓ
Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2021 fógartha
7 Oct 2021Tá áthas ar Ghaillimh le Gaeilge rath 16 ainmní a fhógairt a roghnaíodh do Ghearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2021. Le 19 mbliana den Ghradam a bheith ar an bhfód ...
LÉIGH NÍOS MÓ
Na Moltóirí
4 Oct 2021Tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ag bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile sa phróiseas. Chas na moltóirí le chéile den chéad uair an tseachtain seo chun an ...
LÉIGH NÍOS MÓ“Táimid an-bhródúil as stádas na Gaillimhe mar chathair dhátheangach oifigiúil, agus mar theaghlach, táimid feasach ar gach rud is féidir a dhéanamh chun úsáid na Gaeilge inár ngnó a chur chun cinn. Is cuid ollmhór den obair a dhéanaimid ár stair agus ár n-oidhreacht. Dá bhrí sin, déanann sé ciall ár dteanga dhúchais a úsáid gach áit agus aon uair ar féidir linn. Is breá le muintir na háite an Ghaeilge a fheiceáil.”
Paul Grealish, The Kings Head, Buaiteoir Iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020.
“Bhí muid thar a bheith bródúil as ár gcultúr agus as ár n-oidhreacht in iarthar na hÉireann agus i nGaillimh ach go háirithe agus theastaigh uainn rud éigin a thabhairt ar ais – theastaigh uainn rud éigin a dhéanamh le cois an tseirbhís atá againn a chur ar fáil. Tá roinnt mhaith cainteoirí dúchais Gaeilge ar fhoireann s’againn agus custaiméirí ar cainteoirí Gaeilge iad chomh maith, mar sin bhí muid ag iarraidh an Ghaeilge a thabhairt isteach inár gcuid oibre. Fuair muid tacaíocht iontach ón bhfoireann ar fad i nGaillimh le Gaeilge.Tá bród orainn a bheith mar chuid den cheiliúradh seo ar an nGaeilge agus tá súil againn leanúint ar aghaidh ní hamháin leis an mbranda dátheangach seo a thógáil ach leis an lucht gnó trí chéile a spreagadh, le cúnamh Dé, chun a gcuid féin a dhéanamh don teanga. Má bhíonn tú ag plé le margaíocht, bíonn ort nádúr ar leith a chruthú nó guth a aithint do do chomhlacht. Caitheann go leor comhlachtaí an t-uafás ama ag cuardach comhartha féiniúlachta ar leith dóibh féin ach i ndáiríre tá freagra na ceiste díreach os ár gcomhair. Is Éireannaigh muid, tá nádúr ar leith agus guth againn agus ba chóir dúinn ár dteanga féin a cheiliúradh. Is é an rud is tábhachtaí a d’fhéadfadh muid a dhéanamh dár gcustaiméirí ná iad a chur ar a gcompord, meas a léiriú orthu agus freastal ar a gcuid riachtanas – cén chaoi ab fhearr leis seo a dhéanamh ná ligint dóibh labhairt linn ina dteanga féin?”
Vivienne Molloy, Sweeney Oil, Buaiteoir iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019
“Bhí ríméad orainn Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018 a bhuachan, is mór an rud é an gradam seo ag ár bhfoireann de bharr go bhfuil muid ag obair i dtreo gnó dátheangach le 4 bliana anuas. Agus an gradam iomlán bainte againn i mbliana, tugann sé aitheantas don díograis agus don tiomantas atá againn i leith na Gaeilge agus i leith chur chun na Gaillimhe agus í mar chathair dhátheangach na hÉireann.”
Emma Dillion-Leetch, The Connacht Hotel, Buaiteoir iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018