FÚINN

Fúinn

Bunaíodh Gaillimh le Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn, go háirithe mar acmhainn eacnamaíoch, i gceantar na Gaillimhe. 

Cén fáth go bhfuilimid ann

Léirigh an taighde neamhspleách a choimisiúnaigh Gaillimh le Gaeilge; ‘Buntáistí Geilleagracha na Gaeilge a fheictear i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe’ gur fiú;

  • Breis agus €136 milliún an Ghaeilge do gheilleagar Chathair agus Chontae na Gaillimhe gach bliain.
  • Tacaíonn sí le breis agus 5,000 post agus
  • Creideann níos mó ná 90% de ghnólachtaí Chathair na Gaillimhe gur gné uathúil í d’íomhá agus d’fhéiniúlacht chultúrtha na Gaillimhe.

Bane Mullarkey, gnólacht agus comhairleoir margaíochta atá lonnaithe i nGaillimh, i gcomhpháirt leis an eacnamaí Jerome Casey a chuaigh i mbun an staidéir seo. Rinne Gaillimh le Gaeilge an staidéar seo a choimisiúnú chun aird na bpáirtithe leasmhara agus na dtairbhithe i gCathair na Gaillimhe go háirithe agus i nGaeltacht na Gaillimhe, a dhíriú ar na buntáistí geilleagracha a bhaineann le húsáid na Gaeilge sa cheantar agus le cinntiú go bhfanann na buntáistí geilleagracha sin go háitiúil.

Cad a dhéanaimid

Díríonn obair Ghaillimh le Gaeilge ar an méid Gaeilge scríofa atá le feiceáil ar fud na cathrach a mhéadú agus cuirtear sin i gcrích trí sheirbhísí aistriúcháin, agus trí thacaíocht ghinearálta a chur ar fáil chun cur ar chumas an phobail ghnó comharthaí, ceannlitreacha, suíomhanna greasáin, biachláir dhátheangacha ‘srl., a fhorbairt. Is é ár bpríomhfhócas go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil – de bharr go príomha an méid tionchair a bhaineann le timpeallacht dhátheangach a chruthú den chuid is mó, agus de bharr chomh praiticiúil agus a bheadh sé an sprioc sin a bhaint amach le hacmhainní teoranta. Oibríonn muid freisin chun úsáid na Gaeilge labhartha a chur chun cinn tríd ár n-imeachtaí éagsúla gnó lena n-áirítear an Lón Gnó míosúil agus imeachtaí rialta eile.

Conas a dhéanaimid é

Éiríonn le scéimeanna cosúil le ‘Cairde Ghaillimh le Gaeilge’, ‘Gaeilge sa Ghnó’ agus ‘Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh’ dul i bhfeidhm ar phobal níos mó ar bhealach cairdiúil oscailte agus an Ghaeilge a thabhairt chun suntais i saol Cathrach na Gaillimhe.

Tá ról stocaireachta agus abhcóideachta againn freisin, a chuireann aitheantas agus úsáid na teanga chun cinn i struchtúir Cathrach ar nós Líonra Pobail Chathair na Gaillimhe, gníomhaireachtaí turasóireachta, grúpaí gnó, srl.

Tá triúr fostaithe go lánaimseartha ag Gaillimh le Gaeilge faoi láthair agus is é an Bord, le deichniúr Stiúrthóirí, a leagann amach an polasaí. Faigheann Gaillimh le Gaeilge maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta tríd an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Cairde Ghaillimh le Gaeilge i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe. Tá Gaillimh le Gaeilge cláraithe mar chuideachta theoranta le stádas carthanachta agus dá bhrí sin mar chuideachta nach do bhrabús í.

Cairde Ghaillimh le Gaeilge

Cabhraigh linn an Ghaeilge a chur chun cinn i gCathair Dhátheangach na hÉireann.

Léigh níos mó