GAEILGE SA GHNÓ

An Ghaeilge sa Ghnó

Tá an tseirbhís ‘An Ghaeilge sa Ghnó’ ann chun comhlachtaí a threorú tríd an bpróiseas chun cuid dá ngnó a chur in oiriúint don dátheangachas nó  gnó iomlán dátheangach a fhorbairt.

 

Ar dtús, socraíonn foireann ó Ghaillimh le Gaeilge cruinniú le húinéir(í) nó bainisteoir(í) an ghnó agus déanann muid athbhreithniú ar an ngnó ó thaobh a íomhá de – comharthaíocht, ábhar margaíochta, na meáin shóisialta, ábhar fógraíochta ‘srl. – agus déanann muid scrúdú ar na féidearthachtaí i leith úsáid na Gaeilge.

Má tá suim agat sa tseirbhís, déan teagmháil linn

Gaeilge sa Ghnó

Cairde Ghaillimh le Gaeilge

Cabhraigh linn an Ghaeilge a chur chun cinn i gCathair Dhátheangach na hÉireann.

Léigh níos mó