Na hAinmniúcháin do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2017

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Na hAinmniúcháin do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2017:

MIONDÍOL /RETAIL urraithe ag 

Eyre Square Centre

Tá suim nach beag ag Ionad na Faiche Móire tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge inár n-ionad. Tá formhór an chomharthaíocht dhátheangach ar fud an ionaid. Tá an Ghaeilge le feiceáil inár gcuid fógraí, ar ár leathanach Facebook mar aon lenár suíomh gréasáin agus anuas air sin tá gach imeacht a reáchtáiltear san ionad dhátheangach. Beidh an Ghaeilge ina cuid lárnaigh don ionad sa todhchaí.

Mary’s Fish

Is scéal de ghnó rathúil Gaillmheach é Mary’s Fish. In imeacht trí bliana, áit nach raibh ach triúr fostaithe,  tá dháréag fostaí anois ag obair sa ghnó agus tá flít veaineanna cuisniúcháin ar an mbóthar acu ag soláthar iasc úr do na bialanna is fearr sa chúige. Cuireann foireann an tsiopa fáilte chroíúil roimh chustaiméirí i nGaeilge agus i mBéarla. Tá an chomharthaíocht ar fad á uasdhátú go dhátheangach. Tá ainmneacha na héisc ar fad i nGaeilge agus i mBéarla agus is údar bróid don fhoireann an taispeántas álainn éisc úr a bhíonn le feiceáil sa siopa gach lá.

Thomas Woodberrys

Is ceannaitheoir fíona é Thomas Woodberrys atá lonnaithe i nGaillimh. Táimid ag cur fúinn anseo le deich mbliana anuas. Roghnaíomar fíonta a thaitníonn linn agus is maith linn féin ól. Is comhlacht ceannródaíoch muid agus i mbliana tá súil againn an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga chumarsáideach inár siopa, idir Ghaeilge labhartha agus chomharthaí.

 Sweeney Oil

Is comhlacht teaghlaigh é Sweeney Oil a fhostaíonn daoine áitiúla agus a thacaíonn le pobail áitiúla trí urraíocht a dhéanamh ar spóirt agus ar imeachtaí áitiúla. Le cúpla bliain anuas, tá iarracht ar leith déanta againn tácaíocht agus urraíocht a dhéanamh ar gach ní Éireannach. Tá an Ghaeilge inár mbróisiúr, beidh suíomh gréasáin dhátheangach á láinseáil againn agus anuas air sin tá mórsheisear den bhfoireann atá in ann seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil.

TURASÓIREACHT & FÁILTEACHAS/TOURISM & HOSPITALITY urraithe ag

Failte_Ireland_Suiomh Thumbnail

Bar SULT

Tá SULT, beár Chomhaltas na Mac Léinn OÉ, Gaillimh, ag spreagadh úsáid na Gaeilge i measc na mac léinn, na foirne agus cuairteoirí ar an ollscoil len ár gcomharthaíocht agus feisteas foirne dátheangach nua.  Ní amháin sin ach bhaisteamar ainm nua as Gaeilge amháin ar an mbeár le déanaí ‘SULT’.  Tá fíor-fháilte roimh úsáid na Gaeilge ann agus tá cuid dár bhfoireann in ann seirbhís a chur ar fáil as Gaeilge chomh maith.

Bain Sult As!

Clayton Hotel Galway

Tá ríméad ar Óstán an Clayton Gaillimh a bheith páirteach i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2017. Is óstán ceithre réalt muid a bhfuil duaiseanna go leor bainte amach againn. I measc na n-áiseanna atá ar fáil, tá 195 seomra leapa, seomra mór d’ócáidí, áiseanna do chruinnuithe, ionad fóillíochta agus beár agus bialann nua-aoiseach. Tá dúil againn i gcónaí an Ghaeilge a chur ar fáil mar chuid dár ngnó agus táimid thar a bheith sásta é a chur ar fáil dár gcustaiméirí.

Maxwells Restaurant

Tá Maxwells ar an bhfód ó 1850 ag soláthar fáilteachais do mhuintir na Gaillimhe agus cuairteoirí chuig an gcathair araon. Tá Paul O’ Meara agus a fhoireann i bhfeighil ó 2010 agus tá an bhialann ag coinneáil suas lena thraidisiún ag tabhairt tearmann agus fáilteachtas ó ghleo agus torann Shráid na Siopaí. Tá ríméad ar Maxwells a bheith páirteach sa Ghradam agus ag tacú le stádas dátheangach na Gaillimhe. Táimid ag tnúth sna seachtainí atá amach romhainn an Ghaeilge a úsáid ar ár gcomharthaí agus ar ár gcuid biachláir.

The Connacht Hotel

Chuir bua ár gcatagóir i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh na bliana seo caite gliondar croí ar gach éinne sa Connacht Hotel agus thug sé údar misnigh dúinn coinneáil orainn ag úsáid na Gaeilge. Tagann go leor cuairteoirí agus an lucht gnó áitiúil agus náisiúnta go Gaillimh isteach chugainn agus táimid ádhúil go bhfuilimid in ann an chathair a chur chun cinn mar an chéad chathair dhátheangach in Éirinn.

SEIRBHÍSÍ/SERVICES urraithe ag

Snap Galway

 

 

 

Cancer Care West

Cuireann Cancer Care West tacaíocht chónaithe, shiceolaíoch agus mhothúchánach ar fáil d’othair ailse agus a dteaghlaigh. Cé go bhfuilimid lonnaithe i gCathair na Gaillimhe, tá ár gcuid seirbhísí ar fáil ar fud Iarthar na hÉireann. Tá go leor daoine a úsáideann ár gcuid seirbhísí a bhfuil an Ghaeilge agus an Bhéarla ar a dtoil acu. Mar charthanacht, táimid airdeallach go gcaithfear fáilte isteach a chur roimh na ndaoine seo chuig ár gcuid seirbhísí. Tá an Ghaeilge in úsáid inár gcuid comharthaíochta agus gríosaíonn muid an fhoireann chun cúpla focal a labhairt nuair a thagann an deis chun cinn.

Cross Street Dental

Úsáidtear an Ghaeilge anseo go laethúil agus muid ag déanamh cúraim do na hothair.

Tá Gearóid, an fiaclóir agus Teresa, an sláinteolaí (hygienist) in ann seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil. Mothaíonn daoine níos compordaí sa timpeallacht seo nuair atá siad ábalta a dteanga dhúchais féin a úsáid. Tá béim anseo ar fhiaclóireacht don teaghlach ar fad agus bainimid an-sult as a bheith ag déileáil le daltaí scoile agus iad ag labhairt Gaeilge.

Lorg Media

Is comhlacht meáin shóisialta agus margaíochta é Lorg Media a thugann beocht do fhíseanna ár gcliaint. Déanann muid brandaí a neartú le fonn agus le díograis. Tógann muid brandaí le teann mórtas agus paisean tré ábhar a chumadh, imeachtaí beo, léiriú físeáin, anailisí, fógraíocht agus tuilleadh nach é. Is cainteoirí dúchasacha, paiseanta iad an fhoireann ar fad. Is údar bróid dúinn go bhfuilimid ag cur na Gaeilge chun cinn inár n-ionad oibre i gcroílár Chathair na Gaillimhe.

The Beauty Mint

D’fhorbair an Gaillimheach Naomi Ellis a gnó Nails by Naomi ó Shráid na Siopaí síos trasna go dtí Sráid San Aibhistín áit a bhfuil a gnó The Beauty Mint lonnaithe anois. Faigheann Naomi cúnamh nach beag ó Amy Ní Dhomhnaill, cainteoir dúchasach le grá don áilleacht agus smideoir le taithí na mblianta. Ofrálann The Beauty Mint seirbhís ghasta i gcóireáileacha áilleachta, ina measc tá; ciaradh, dathú,  ciaradh speisialta an bhicíní, spraedhonnúchán, smideadh, fabhraí agus ingne. 091-563996

 

COMHLACHTAÍ EILE/OTHER COMPANIES urraithe ag  

Carey Developments

Tá an-áthas ar Carey Developments a bheith ag obair i bpáirt le Gaillimh le Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá comharthaíocht dhátheangach in úsaid ar ár gcuid láithreáin agus sa cheannoifig. Tá an Ghaeilge in úsáid ar thrí cinn dár gcuid láithreáin. Táimid ag úsáid na Gaeilge ar ár gcuid stáiseanóireachta, ar ár meáin shóisialta agus ar ár suíomh gréasáin.

Galway Arts Centre

Tá aithne mhór ar stiúrthóir bainistíochta Ionad Ealaíon na Gaillimhe, Páraic Breathnach mar aisteoir, scríbhneoir agus mar chomhbhunaitheoir ‘Macnas’. Is í an Ghaeilge a theanga dhúchais agus mar sin tá an Ghaeilge mar chuid de chlár ealaíne Ionad Ealaíon na Gaillimhe agus úsáideann siad an Ghaeilge inár ngnó a mhinice agus is féidir. Tá meas ag Pádraic ar an traidisiún agus ag an am céanna breathnaíonn sé chun cinn agus tá sé ag súil le húsáid na Gaeilge sa teicneolaíocht dhigiteach.

Galway Races

Tá Rásaí na Gaillimhe, an fhéile rásaíochta is mó in Éirinn bródúil a bheith ag tacú agus ag cur chun cinn obair Ghaillimh le Gaeilge. Úsáideann siad an Ghaeilge ina gcuid comharthaíocht, bróisiúr agus ar fhógraíocht ar chlaíocha an Ráschúrsa. Mar gheall gur muid an t-aon Ráschúrsa atá lonnaithe sa Ghaeltacht, is deis nach féidir linn a chailliúint é ár dteanga dhúchais a chur os comhair na mílte turasóir a thagann chuig Féile an tSamhraidh.

Micil Poitín

Is é Poitín Mhicil an chéad bhiotáille dhleathach atá á déanamh i nGaillimh le os cionn céad bliain. Tugadh Micil ar an mbranda poitín seo in ómós do Mhicil Ó Cearra, sin – sin -sin seanathair Phádraic.  Tá an Ghaeilge fite fuaite sa mbranda seo agus i ngníomhaíochtaí an chomhlachta.  Tá slua mór leantóirí ag Poitín Mhicil agus go leor acu sin ag cumarsáid leis an gcomhlacht trí Ghaeilge.

PorterShed

I mí na Bealtaine 2016 a bunaíodh PorterShed. Is ardán é do ghnólachtaí nuathionscanta teicneolaíochta i nGaillimh. Tá 22 gnólacht nuathionscanta cumasach lonnaithe ann agus suas le 62 duine ag obair ann. Tá spás ann d’imeachtaí agus do cheardlanna agus tá deasca shealaíochta ann do bhaill ócáideacha. Tá an Ghaeilge glactha chucu féin ag an Portershed agus tá sé á lárnú isteach i bhfís agus i gcultúr an chomhlachta don todhchaí.

Siopa Leabhar Uí Chionnaith

Is é ár rosc ‘Leabhair do chuile Mheabhair’. Tá an bailiúchán is mó leabhair Ghaeilge sa tír ar díol againn, idir sean agus nua. Táimid de shíor i mbun margaíochta do scríbhneoirí agus dá saothar. Díolaimid níos mó leabhair Ghaeilge thar lear ná mar a dhíolaimid in Éirinn.