Uachtarán nua Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Déanann Gaillimh le Gaeilge comhghairdeas ó chroí leis an Ollamh Ciarán Ó hÓgartaigh as a cheapachán mar Uachtarán ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus guímid gach rath air sa todhchaí.

Tá Ciarán ina Chathaoirleach ar Phainéal Moltóireachta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, Gradam Gnó Dátheangach Chathair na Gaillimhe a eagraíonn Gaillimh le Gaeilge go bliantúil i gcomhar leis an Galway Advertiser agus le tacaíocht Chumann Tráchtála na Gaillimhe. Ainmníodh an Gradam in ómós d’athair Chiaráin, Seosamh Ó hÓgartaigh, ball bunaithe agus Rúnaí Cuideachta Ghaillimh le Gaeilge.