DEIS – Meán Fómhair 2018

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter
gailliamh le gaeilge

Na Scéalta is déanaí ó Ghaillimh le Gaeilge

Dialann 2019 – Deis Fógraíochta

Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil an Fómhar buailte linn arís!

Tá Gaillimh le Gaeilge ag ullmhú anois do Dhialann 2019! Is ar fhógraíocht amháin a bhraitheann an foilseachán seo. Scaiptear os cionn 280 cóip SAOR IN AISCE ar Chairde Ghaillimh le Gaeilge, ar Chomhairleoirí, ar Pholaiteoirí áitiúla, ar lucht gnó agus ar ionadaithe eile i nGaillimh go luath i mí na Nollag.

Tá roinnt spásanna fágtha againn agus ba bhreá linn ár gCairde a fheiceáil ann! Déan teagmháil linn ar 091 568876 nó gearoidin@gleg.ie más mian leat spás a chur in áirithe ann.

 

 

 

 

 

 

 

 


An bhfuil do chuid sonraí teagmhála cruinn againn?

Bíonn liosta sa Dialann gach bliain de Chairde Ghaillimh le Gaeilge mar aon le sonraí teagmhála agus ainm an té a chuireann seirbhís trí Ghaeilge ar fáil, más ann dóibh. Seo ceannteidil na sonraí atáimid ag foilsiú faoi gach Cara:

Ainm/ Seoladh/ Fón/ R-phost/ Suíomh Gréasáin/Seirbhís i nGaeilge

Tabhair faoi deara le do thoil.. más mian leat a bheith liostáilte i nDialann Ghaillimh le Gaeilge, seol rphost le do sonraí teagmhála chuig eolas@gleg.ie roimh Dé hAoine, 5 Deireadh Fómhair 2018 le do thoil.


An Ghaeilge sa Ghnó

Cuimhnigh, inniu an lá chun tosnú ag ullmhú do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019! Tá comharthaí álainne nua in airde ag Freshii agus The Pie Maker.

Trí úsáid na Gaeilge a thabhairt isteach i do ghnó, is féidir leat cur lena luach agus gnó a mhealladh ar bhealach simplí agus éifeachtach ó thaobh costais dhe. Níl aon ghá go mbeadh Gaeilge líofa agat chun an Ghaeilge a úsáid i do ghnó, tá Gaillimh le Gaeilge anseo chun cabhrú leat! Is féidir leat úsáid a bhaint as an nGaeilge ar go leor bealaí i do ghnó – mar shampla ar chomharthaí, ar stáiseanóireacht, ar an idirlíon, sna meáin shóisialta, i mbróisiúir agus trí ‘Seirbhís i nGaeilge’ a chur ar fáil.

Déan teagmháil linn inniu le do thoil ag 091 568876 nó ag eolas@gleg.ie.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


Eolaire Gnó

Táimid ag uasdátú Eolaire Gnó Ghaillimh le Gaeilge a bheas le fáil ar www.gleg.ie agus á chur in oiriúint don Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR). Is éard atá san Eolaire Gnó ná liosta de dhaoine i gCathair na Gaillimhe atá in ann seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil. Más mian leat páirt a ghlacadh sa togra seo, ba bhreá linn cloisteáil uait! Is bealach iontach é seo cur le do ghnó agus buntáiste breise a aimsiú do do ghnó de bharr go bhfuil do ghnó/eagraíocht ag cur seirbhís ar fáil trí Ghaeilge! Déan teagmháil linn le do thoil ag 091 568876 nó eolas@gleg.ie.

Déan teagmháil linn ar 091 568876 nó seol ríomhphost chuig gearoidin@gleg.ie.


Lón Gnó na Míosa

Beidh an chéad lón gnó den Fhómhar ar siúl sa Park House Hotel, Sráid Forster, Gaillimh. Dé Céadaoin, 3 Deireadh Fómhair 2018 ó 1.00i.n.-2.00i.n.

Is minic a bhíonn drogall ar dhaoine freastal ar an Lón Gnó de bharr a gcuid easpa Gaeilge. Ná bíodh drogall ort freastal air mar gheall ar seo –  is ócáid neamhfhoirmeálta í seo agus tá míle fáilte roimh dhaoine le gach caighdeán Gaeilge. Tabharfaidh sé deis iontach duit do chuid Gaeilge a fheabhsú in atmaisféar cairdiúil agus neamhfhoirmeálta.

 

 

 

 

 

 


Slán le Cara Dílis

Is mian le Bord Stiúrtha agus Foireann Ghaillimh le Gaeilge comhbhrón ó chroí a dhéanamh le clann an Dr Eithne Mhic Aoidh. Méala mór a bás dá clann, dá híníon Isbeál (Stiúrthóir de chuid Ghaillimh le Gaeilge), dá clann mhac Harry, Dara agus Micheál óg. Ba Dochtúir teaghlaigh agus iar-uachtarán de Choláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann í agus bhí sí ina cara dílis le Gaillimh le Gaeilge. Duine de laochra móra na Gaeilge; ar dheis Dé go raibh a hanam.


Gaeltacht na hÉireann

Comhghairdeas le hÚdarás na GaeltachtaDlúthchara Ghaillimh le Gaeilge agus urra Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, atá ag seoladh an branda nua ‘Gaeltacht na hÉireann’ le déanaí.

Gach rath leis.

 

 

 

 

 

 


Fógra – Urra Fhulacht Fia Chairde Ghaillimh le Gaeilge

 

 

 

 

 

 

 

 

 


Dlúthchairde Ghaillimh le Gaeilge

 

 


Faigheann Gaillimh le Gaeilge maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta tríd an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Chairde Ghaillimh le Gaeilge i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe