Tá Gaillimh le Gaeilge ag lorg iarratais ó dhaoine le spéis faoi leith i gcúrsaí Gaeilge agus gnó mar aon le cúrsaí margaíochta.
Gheobhaidh an té a cheapfar taithí chuimsitheach le foireann bheag fhuinniúil na heagraíochta ag cur na Gaeilge chun cinn i gcathair dhátheangach na Gaillimhe.
Beidh an té a cheapfar ag obair leis an bhfoireann ar na tograí seo a leanas:
- An tSeirbhís ‘An Ghaeilge sa Ghnó’,
- Dialann Ghaillimh le Gaeilge 2020,
- #Fáilte2020,
- Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020.
Ina theannta sin, beidh an té a cheapfar ag cuidiú leis an bhfoireann reatha chun feachtais phoiblíochta agus le himeachtaí gnó a eagrú.
Ní mór go mbeadh an duine a roghnófar fuinniúil, solúbtha agus ábalta oibriú go maith as a stuaim féin agus le foireann. Beidh buntáiste ag an té a bhfuil eolas maith acu ar shaol gnó na Gaillimhe.
Riachtanais an Phoist
- Céim/ cáilíochtaí cuí don phost
- Ardchumas sa Ghaeilge agus sa Bhéarla idir labhairt agus scríobh
- Ardscileanna cumarsáide agus idirphearsanta
- Ardscileanna eagrúcháin agus i riaradh tograí gnó
- Ardscileanna ríomhaireachta agus tuiscint mhaith ar na meáin shóisialta
- Eolach ar chúrsaí reatha na Gaeilge
Tá tréimhse 4 mhí i gceist leis an gconradh oibre, ó
9 Meán Fómhair go dtí 20 Nollaig 2019.
Tuarastal: Ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí
Seol d’iarratas mar aon le CV roimh 17:00, Dé hAoine, 26 Iúil 2019.
chuig:
Bríd Ní Chonghóile, Gaillimh le Gaeilge, Teach Uí Chiaruáin,
Sráid Thobar an Iarla, Gaillimh. H91 N92N
091 568876
Glacfar le hiarratais go leictreonach chuig eolas@gleg.ie
Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh an spriocdháta. Is fostóir comhionannas deiseanna é Gaillimh le Gaeilge.