Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020 oscailte d’ainmniúcháin anois – Tosaíonn an cuardach do Threibh nua na Gaillimhe.

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Sheol Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh – Gradam dátheangach na Gaillimhe  go hoifigiúil san Aula Maxima, OÉ Gaillimh ar 28ú Eanáir 2020.  Tá sé oscailte anois d’ainmniúcháin ó ghnólachtaí agus ó eagraíochtaí atá lonnaithe i gCathair na Gaillimhe go dtí Dé hAoine 21 Feabhra 2020. Ag an bpreasócáid, d’fhógair an tUachtarán liosta na n-urraitheoirí don bhliain amach romhainn agus chuir sé fáilte roimh urraitheoir nua do Ghradam 2020–Video Sherpa. Is féidir iontráil a dhéanamh ar líne ANSEO.

Is gnólacht bogearraí é Video Sherpa atá lonnaithe sa Portershed i nGaillimh agus tá siad tar éis ardán le haghaidh cruthú inneachair faoi threoir a fhorbairt do ghnólachtaí. Gheobhaidh buaiteoir  sa chatgaóir ‘Seirbhísí’ síntiús bliana le Video Sherpa ar fiú €2,000 é, lena n-áirítear; bogearraí cruthaithe físeán le ceadúnais úsáideora gan teorainn; 1 x Pacáiste Meán (cobhsaitheoir & foireann micreafón DJI Osmo); deis suas le 60 físeán a chruthú; óstáil físeán; seisiún oiliúna foirne agus tacaíocht leanúnach duit mar chustaiméir.

Ag labhairt di i ndiaidh seoladh an Ghradaim, dúirt Anna Downes Príomhfheidhmeannach, Video Sherpa:

“Tá Video Sherpa an-sásta urraíocht a dhéanamh ar an gcatagóir seirbhísí de chuid  Ghradam Sheosaimh UÍ Ógartaigh 2020 agus tá muid ag tnúth go mór  le bheith ag obair le foireann Ghaillimh le Gaeilge chomh maith leis an  mbuaiteoir sa gcatagóir áirithe seo.  Tá an físmhargaíocht ina uirlís chumhachtach agus riachtanach do ghnólachtaí agus tá sé níos éasca ná riamh an bunábhar atá tarraingteach do spriocghrúpaí a scannánú, a eagrú agus a fhoilsiú  agus borradh a chur faoi dhíolachán”.

I mbliana arís, is é an Galway Advertiser an príomhurra ó thaobh na meáin chumarsáide de. Tá TG4 agus MOLSCÉAL ar bord freisin, chomh maith le hurraí na gcatagóirí mar seo a leanas:

Galway Bay FMan chatagóir miondíola; Fáilte Irelandan chatagóir Fáilteachais & Turasóireachta; Video Sherpaan chatagóir seirbhísí; agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimhan chatagóir comhlachtaí eile. Tá liosta láidir urraí ag an nGradam le pacáiste gnó ar fiú níos mó ná €25,000 é.

D’fhógair an tUachtarán Údarás na Gaeltachta mar urra ar mhacsamhla an Ghradaim a bhronnfar ar bhuaiteoirí na gcatagóirí. Cuirfidh Cumann Tráchtála na Gaillimhe urraíocht ar fáil don bhuaiteoir iomlán freisin. Tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh oscailte anois i gcomhair ainmniúchán go dtí Dé hAoine 21ú Feabhra. 

Ag labhairt dó ag an preasócáid dúirt an Méara:

“Is deacair Gaillimh a shamhlú gan an Ghaeilge – níor mar a chéile é. Is iontach go bhfuil aitheantas faighte anois aici in irisí cáiliúla taistil ar nós Condé Nast agus Lonely Planet, ina ndearnadh tagairt do chultúr na Gaillimhe agus iad á rangú sna 10 n-áit is fearr le cuairt a thabhairt orthu in 2020. Chomh maith leis sin, luaigh Pól Ó Conghaile san Irish Independent le deireanaí an chaoi a  mbíonn an Ghaeilge i gcónaí le cloisteáil ar shráideanna na Gaillimhe. Is cuid lárnach í de chultúr draíochtúil na Gaillimhe  – coinimis mar sin  é!

Bhí an méid seo le rá ag Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh  agus é ag seoladh Gradam 2020 mar aon leis na hurraí don bhliain amach romhainn.

“Luíonn an Gradam go mór le luachanna Ollscoil na hÉireann, Gaillimh: ómós dár gcultúr agus dár bpobail máguaird, oscailteacht don domhan mór, barr feabhais inár ngníomh agus inbhuanaitheacht teanga.  Tá muid, dá bharr, an-sásta tacú go tréan arís i mbliana le Gaillimh le Gaeilge agus le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh”.

Ghabh Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge buíochas leis na hurraitheoirí go léir atá ag tabhairt tacaíochta don Ghradam agus dúirt sí:

“Tá an rath agus an cáil atá ar an nGradam ag brath ar an tacaíocht a fhaigheann sé ó urraitheoirí áitiúla agus náisiúnta, go háirithe príomhurraitheoir an Ghradaim an Galway Advertiser.  Is í mo chomhairle d’aon ghnó nó eagraíocht atá ag smaoineadh páirt a ghlacadh sa Ghradam seo  ná – coinnigh ort agus glac páirt ann. I gcaitheamh na mblianta fuarthas ainmniúcháin ó ghnólachtaí ilnáisiúnta, eagraíochtaí spóirt agus ealaíon, trádálaithe aonair, óstáin, siopalanna, bialanna, gnólachtaí ola agus go leor eile nach iad – iad go léir den tuairim go bhfuil dlúthbhaint ag an nGaeilge lena ngnó agus bród orthu go bhfuil a gcion féin á dhéanamh acu ar son stádas dátheangach na Gaillimhe”.

Labhair Declan Varley, Grúpeagarthóir an Galway Advertiser ag an bpreasócáid, agus dúirt sé go bhfuil an-áthas ar an Galway Advertiser baint a bheith acu leis na gradaim.

“Is seoid í an Ghaeilge i gcultúr na Gaillimhe agus caithfidh muid coinneáil orainn á caomhnú go mbeidh sí againn go deo. Is seoid í seo atá á choinneáil agus á chosaint ag Gaillimh le Gaeilge, agus tá an-obair á dhéanamh acu ina leith sin.  Tá ár gcuid oibre simplí  – níl le déanamh againne ach ceirt  a tharraingt amach agus snas a chur ar an tseoid sin gach lá go mbeidh sí ag lonrú go deo.”

Tá sceideal á ullmhú faoi láthair ag Gaillimh le Gaeilge agus ba bhreá leo bualadh le gnólachtaí agus le heagraíochtaí ar spéis leo an Ghaeilge a úsáid chun gnó dátheangach a chruthú. Tá 3 mhí agat chun iarratas a ullmhú óir beidh an mholtóireacht ar siúl i mí Aibreáin. Ní gá duit a bheith i do chainteoir líofa chun páirt a ghlacadh óir cabhróidh Gaillimh le Gaeilge leat i rith an ama ar fad. Beidh an tseirbhís ‘An Ghaeilge sa Ghnó’ ar fáil uathu duit saor in aisce. Is pacáiste saincheaptha iomlán í an tseirbhís seo ina dtreoraítear thú tríd an bpróiseas chun do ghnó a chur in oiriúint don dátheangachas. Eagróidh foireann Ghaillimh le Gaeilge cruinniú leat agus féachfaidh siad go grinn ar do ghnólachtsa ó thaobh íomhá agus feiceálachta de – comharthaíocht, ábhar margaíochta, meáin shóisialta, fógraíocht etc. Scrúdóidh siad féidearthachtaí éagsúla maidir le húsáid na Gaeilge i do ghnólacht nó d’eagraíocht.

Glacfar le hiarratais don Ghradam go dtí 5.30i.n, hAoine, 21 Feabhra 2020. Is féidir iontráil a dhéanamh ar líne ANSEO.  nó cuir glaoch ar 091 568876. Is féidir leat do ghnólacht nó d’eagraíocht féin a ainmniú nó gnólacht/eagraíocht eile atá lonnaithe i gCathair na Gaillimhe a ainmniú. Chun an t-eolas is deireanaí a fháil ar an nGradam lean Gaillimh le Gaeilge ar Facebook, Twitter agus Instagram.