Tá Nollaig 2020 timpeall an chúinne! Cad faoi ‘Nollaig Shona’ a úsáid i mbliana agus sibh ag ullmhú chun fáilte chroíúil a chur roimh chustaiméirí ar ais go Gaillimh don Nollaig. Tá liosta de bheannachtaí séasúracha curtha i dtoll a chéile againn a d’fhéadfaí a úsáid ar chomharthaíocht, ar ábhair mhargaíochta, ar chártaí agus ar na meáin shóisialta. Déan teagmháil linn ag eolas@gleg.ie má tá aon aistriúchán eile uaibh.
Nollaig Shona
Happy Christmas
Nollaig Shona agus Athbhliain faoi Mhaise
Happy Christmas and a wonderful New Year
Beannachtaí na Nollag
Christmas Greetings
Bain sult as Draíocht na Nollag
Enjoy the Magic of Christmas
Beannachtaí an tSéasúir
Season’s Greetings
Nollaig faoi Shéan ‘s faoi Mhaise
Christmas Greetings
Ba mhaith le (Company Name) Nollaig Shona agus Beannachtaí na hAthbhliana a ghuí oraibh
(Company Name) would like to wish you all a Merry Christmas and a Happy New Year
Ní neart go cur le chéile
There is no strength without unity
Ar scáth a chéile a mhairimid
We rely on one another
Níl aon tinteán mar do thinteán féin
There is no place like home
Dá fhada an lá tagann an tráthnóna
However long the day, evening will come
Santa Claus
Daidí na Nollag
Christmas Present
Bronntanas Nollag
St Stephen’s Day
Lá an Dreoilín /Lá Fhéile Stiofáin
New Year’s Eve
Oíche Chinn Bhliana
New Year’s Day
Lá Caille or Lá na Bliana Nua
Little Christmas
Nollaig na mBan