Tá rud éigin faoin nGaeilge a oibríonn thar barr agus í á húsáid le gach rud a bhaineann le Grá! Seo chugaibh liosta beannachtaí, frásaí agus téarmaí le húsáid ar Lá Fhéile Vailintín.
Déanfaimid poiblíocht ar aon ghnó nó eagraíocht a úsáideann beannachtaí Gaeilge/ dátheangacha cibé ar na meáin shóisialta é, ar an bpacáistiú nó / ar an ábhar margaíochta, mar sin, na déanaigí dearmad úsáid a bhaint as an haischlib #GaillimhleGrá.
Bígí ag faire amach don chomórtas a bheidh againn i gcomhar le Seodóireacht Cheilteach an Chladaigh, Grá Chocolates agus Maddens Florist ar Facebook agus Instagram.
Má tá aon aistriúchán eile de dhíth, déan teagmháil linn ag 091 568876 nó eolas@gleg.ie.
Lá Fhéile Vailintín Sona duit – Happy Valentine’s Day
Lá Vailintín sa Bhaile le mo Ghrá Geal – Valentine’s Day at home with my sweetheart
Do mo Ghrá Geal – For my Loved One
Le Grá – With Love
Mo Ghrá Geal – My Love
A ghrá mo chroí – My heart’s beloved
Is tú mo ghrá geal – You are the love of my life
A Stóirín! – Darling!
Mo Mhuirnín – My sweetheart
Giorraíonn beirt bóthar – Two shorten the road
Maireann lá go ruaig ach maireann an grá go huaigh – A day lasts until its chased away, but love lasts until the grave
Maireann an grá go deo – Love lasts forever
Grá agus gean – Love and affection
Grá síoraí – Everlasting love
Beidh grá agam duit go deo/ beidh grá agam duit go brách – I’ll love you forever
Cuireann bláthanna grá in iúl – Flowers are the language of love
Nóta seirce – A love note
Cumhacht an ghrá – The power of love
Grá gan choinníoll – Unconditional love
