An comhlacht tacsaí is mó i nGaillimh agus san Iarthar fógartha mar bhuaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, 2021 agus iad ainmnithe mar Threibh nua na Gaillimhe

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Tar éis líon na n-iontrálacha don Ghradam is mó ná mar a bhí riamh roimhe seo, sé iomaitheoir déag sa bhabhta ceannais, cúig chatagóir agus dhá bhabhta de mholtóireacht fhíorúil, d’fhógair Jack Chambers, TD, Príomh-Aoire an Rialtais, agus an t-Aire Stáit Gaeltachta agus Spóirt Big O Taxis, an comhlacht tacsaí is mó i nGaillimh agus san Iarthar le 150 tacsaí mar bhuaiteoir foriomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2021. Bhí an searmanas bronnta speisialta ar siúl sa g Hotel, Seanbhóthar Bhaile Átha Cliath, Gaillimh.

 

Is iad Big O Taxis an rogha tacsaí i gCathair na Gaillimhe agus sna ceantair thart timpeall uirthi le breis agus 50 bliain. Ní raibh ach cúpla tacsaí ann nuair a bunaíodh an comhlacht in 1968 agus anois tá an flít is mó i nGaillimh acu. Cuireann siad seirbhís iomlán tacsaí ar fáil dá gcustaiméirí dílse, 24 uair an chloig, 7 lá na seachtaine, gach lá den bhliain – Lá Nollag agus Oíche Chinn Bliana san áireamh.

Bhí ríméad ar Sheán Ó Méalóid, Stiúrthóir Big O Taxis leis an nuacht agus bhí an méid seo a leanas le rá aige:

“Táimid go léir i Big O Taxis an-sásta as a bheith ainmnithe mar bhuaiteoir foriomlán de Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2021. Táimid an-bhródúil as an méid atá déanta againn ó thosaigh muid amach leis an nGradam ceithre bliana ó shin – mar a deirtear, bíonn an tríú huair sona nó an ceathrú huair sa chás seo!

Táimid an-bhródúil chomh maith as an stádás atá bainte amach ag Gaillimh mar chathair dhátheangach agus tá lúcháir orainn a bheith ag tacú leis an nGaeilge. Úsáidimid an Ghaeilge ar  chomharthaíocht, ar stáiseanóireacht, ar chártaí beannachta, ar ár gcártaí gnó agus i bhfógraí.

Cuirimid lascaine ar fáil do thiománaithe chomh maith chun iad a spreagadh chun “Tacsaí” a úsáid ar a gcomharthaí decal.  Sa mhullach air sin, tá aip forbartha againn freisin chun a chur in iúl dár gcustaiméirí gur féidir lena dtiománaí seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar. Tá roinnt mhaith tiománaithe againn atá lán-sásta “Seirbhís trí Ghaeilge” a sholáthar agus tá sé seo soiléir ón nóiméad a dhéanann tú teagmháil lenár n-oifig nó nuair a shuíonn tú isteach ina gcarranna. Tá go leor custaiméirí le Gaeilge ag Big O Taxis agus is mian linn freastal a dhéanamh ar na custaiméirí sin nuair is féidir trí Ghaeilge. Ina theannta sin, tá Big O Taxis chun tosaigh ag cur seirbhísí ar fáil do chuairteoirí a bhíonn ag teacht go Gaillimh agus braithimid go bhfuil sé de fhreagracht orainn ár n-oidhreacht a chur chun cinn chomh maith agus is féidir linn. Ag dul ar aghaidh, cibé áit a fheicimid an deis chun an Ghaeilge a thaispeáint, déanfaimid é le bród, paisean agus cuspóir.”

Is iad Gaillimh le Gaeilge, i gcomhpháirtíocht leis an Galway Advertiser, TG4 agus le tacaíocht ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe, a reáchtálann Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh – an gradam dá shórt is faide atá ar an bhfód in Éirinn. Tar éis bliain go leith a bheith lán de  neamhchinnteacht agus de dhúshláin, bhí gliondar ar Ghaillimh le Gaeilge searmanas bronnta pearsanta a óstáil chun ceiliúradh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach ag gnólachtaí agus eagraíochtaí na Gaillimhe atá bródúil as a rannpháirtíocht i nGaillimh dhátheangach.

 

Ainmníodh Big O Taxis mar bhuaiteoir na catagóire ‘Seirbhísí’, urraithe ag Video Sherpa, agus ba iad a chroch leo an Príomh-Ghradam féin.

Is iad seo a leanas na buaiteoirí bródúla eile ar an oíche:

Ionad Siopadóireachta na Coiribe, buaiteoirí Chatagóir an Mhiondíola, atá urraithe ag Galway Bay FM.

The Hardiman Hotel – buaiteoirí Chatagóir na Turasóireachta agus an Fháilteachais, urraithe ag Fáilte Ireland.

Grá Chocolates, buaiteoirí sa chatagóir ‘Gnó ar Líne’, atá urraithe ag Ionad Teicneolaíochta na Gaillimhe.

Eaglais Choláisteach San Nioclás, buaiteoirí Chatagóir Cuideachtaí Neamhbhrabúis agus Eile, atá urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh.

 

Ag labhairt dó ag an ocáid, dúirt PríomhAoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers, T.D.,

 

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach aon chomhlacht agus eagraíocht a chur isteach ar an ngradam seo i mbliana agus as an obair fhiúntach atá ar siúl agaibh i rith na bliana.  Is é seo an naoú bliain déag as a chéile muid ag déanamh ceiliúradh ar an gradam seo agus is cúis áthais dom a bheith in ann a bheith i láthair i mbliana thar ceann an Rialtais le hómós a thaispeáint don oidhreacht a d’fhág Seosamh Ó hÓgartaigh ina dhiaidh.  Is aitheantas é do chomhlachtaí agus d’eagraíochtaí atá ag cur na Gaeilge chun cinn go laethúil ina gcuid gnó agus atá ag tabhairt na deise do dhaoine í a úsáid agus a labhairt.  Cuirim fáilte i gcónaí roimh ‘Seirbhís i nGaeilge’ a chur ar fáil do na custaiméirí agus dóibh siúd ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.”

 

Ag labhairt dó thar ceann Mholtóirí an Ghradaim, dúirt Maeliosa Ó hÓgartaigh:

“Bhaineamar go léir an-sult as na cruinnithe fíorúla leis na gnólachtaí agus leis na heagraíochtaí. Chuaigh a ndúthracht agus a n-iarrachtaí i bhfeidhm go mór orainn. Tá cur chuige faoi leith ag gach uile cheann acu, agus iad go léir ag obair go dian chun an Ghaeilge a chur chun cinn ina gcuid gnó, agus iad an-bhródúil as bheith ag déanamh a gcuidse chun aird a tharraingt ar stádas dátheangach oifigiúil na Gaillimhe.

 

Agus Gaillimh suite ar imeall na Gaeltachta is mó sa tír, níl amhras orainn ach gur féidir leis an earnáil ghnó é sin a úsáid chun a leasa. Ba mhór an spreagadh a fuaireamar ó bheith ag caint le gach duine, agus ba ábhar misnigh dúinn gur aithin siad luachanna obair Ghaillimh le Gaeilge. Is cúis bróid dúinn chomh maith líon na gcainteoirí Gaeilge a fheiceáil i measc na ngnólachtaí a chur isteach ar na Gradaim i mbliana. Molaimid go mór gach duine a ghlac páirt, as bheith chomh dílis agus chomh tiomanta don Ghradam le míonna anuas, agus tréaslaímid ó chroí leis na buaiteoirí uile!”

 

Rinne Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey, comhghairdeas leis na buaiteoirí ar fad agus dúirt:

“In ainneoin na ndeacrachtaí a bhí roimh ghnólachtaí agus roimh eagraíochtaí, ba iontach an spreagadh agus an dúthracht a léirigh ainmnithe an Ghradaim sna míonna seo a d’imigh tharainn.  Tá sár-obair déanta acu go léir atá ríthábhachtach chun stádas dátheangach oifigiúil na Gaillimhe a chothú agus a threisiú tuilleadh, comhghairdeas leo go léir. “

 

Léiriú ar ardchaighdeán na n-iontrálacha i mbliana is ea Bronnadh Speisialta na Moltóirí, gradam speisialta lena dtugtar aitheantas do ghnólacht a thug faoin nGradam den chéad uair agus a bhfuil caighdeán an-ard bainte amach aige agus aitheantas dlite dó dá réir. Bronnadh an duais, urraithe ag Judy Greene Pottery ar dhá ghnólacht i mbliana: Murphy and Me agus

Irish Socksciety.

 

Bhronn na Moltóirí Scoláireacht Ollscoile, atá urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar  ghnó a dhéanann  iarracht speisialta leis an nGaeilge a chur chun cinn agus a úsáid lena gcuid custaiméirí. Bronnadh an Scoláireacht dhá bhliain ar an gcúrsa sealbhaithe teanga, an Dioplóma sa Ghaeilge, cáilíocht ollscoile ó OÉ Gaillimh ar Linda Lambert ó GoBus.ie.

 

Fuair buaiteoirí chatagóirí éagsúla an Ghradaim pacáiste gnó ar fiú €2,000 é ó urraitheoir na catagóire chomh maith le macasamhail de Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, urraithe ag Údarás na Gaeltachta. Gheobhaidh Big O Taxis pacáiste fógraíochta ó phríomhurraitheoir meán an Ghradaim, an Galway Advertiser.  Gheobhaidh siad pacáiste poiblíochta freisin le TG4 agus ballraíocht bliana le Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus le Gaillimh le Gaeilge.

 

Anuas air sin, faigheann siad Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, píosa álainn dealbhóireachta atá deartha go speisialta ag an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney agus a léiríonn 14 Threibh na Gaillimhe, mar aon le ’Treibh na linne seo’, a sheasann do bhuaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, 2021 agus buaiteoirí eile amach anseo.

 

Tá MOLSCÉAL ag déanamh urraíochta ar an nGradam arís i mbliana. Chruthaigh Gaillimh le Gaeilge na físeáin i bpáirt le MOLSCÉAL chun aird a tharraingt ar shaothair dhátheangacha an Ghearrliosta. Is féidir teacht ar na físeáin ar mheáin shóisialta Ghaillimh le Gaeilge agus ar aip MOLSCÉAL.

 

Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge buíochas a ghabháil leis na hainmnithe ar fad a ghlac páirt i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i mbliana agus comhghairdeas a dhéanamh leis na buaiteoirí ar fad.  Tá ár mbuíochas tuillte chomh maith ag na moltóirí as ucht a gcuid ama don mholtóireacht. Is iad sin: Maeliosa Ó hÓgartaigh, Cuntasóir agus Fear Gnó agus mac le Seosamh Ó hÓgartaigh (nach maireann), a bhfuil an gradam ainmnithe as, Colleen Baxter, Comhordaitheoir Ballraíochta agus Imeachtaí, Cumann Tráchtála na Gaillimhe, agus Daithí Ó Gallchobhair, Bainisteoir Foirne, An Ghaeltacht & na hOileáin, Slí an Atlantaigh Fhiáin. Ár mbuíochas chomh maith leis na hurraitheoirí ar fad a lean lena dtacaíocht don Ghradam. Táimid fíorbhuíoch díobh.

 Tá Gradam 2022 oscailte d’ainmniúcháin cheana féin agus is féidir leat iontráil suas go dtí 24 Eanáir 2022. Beidh an Gradaim ag bogadh ar ais go dtí an t-amchlár a bhí luaite leis roimh a bhuail COVID-19 agus dá thoradh sin, beidh ócáid bhronnta an Ghradaim ar siúl go luath i mí na Bealtaine an bhliain seo chugainn le cúnamh Dé.