Slua Breá ag Fulacht Fia Chairde Ghaillimh le Gaeilge 2023 i gceartlár Ghaeltacht na Gaillimhe

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Bhain Cairde agus Stiúrthóirí Ghaillimh le Gaeilge ardtaitneamh as tráthnóna álainn ceoil agus bia ag an bhFulacht Fia bliantúil a reáchtáladh ar an Déardaoin, 23 Meitheamh  sa chaife  Gaeilge, an Builín Blasta i gceartlár Ghaeltacht na Gaillimhe. Is iad Cairde Ghaillimh le Gaeilge Stewart Construction, Udarás na Gaeltachta, KD Autoparts, Gaillimh agus GoBus.ie a rinne urraíocht fhlaithiúil ar an bhFulacht Fia. Míle buíochas leo ar fad.

Is é seo an chéad uair don Fhulacht Fia bogadh amach as cathair na Gaillimhe agus d’éirigh thar cionn leis. Bhí slua breá i láthair agus fuair Cairde Ghaillimh le Gaeilge deis iontach roinnt spaisteoireachta a dhéanamh i measc na siopaí ceardaíochta álainn sa cheardlann.  Chuir  Mike Stewart agus Maria Fahy ceol den scoth ar fáil don slua fad agus a bhí siad ag baint sult as an mbia blasta.

Cuireann an Fulacht Fia críoch oifigiúil le himeachtaí sóisialta/líonraithe Ghaillimh le Gaeilge go dtí mí Mheán Fómhair agus tugann sé deis don eagraíocht buíochas a ghabháil lena gcuid Cairde ar fad agus leo siúd a thacaigh leis an eagraíocht le bliain anuas.

Chuir Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge fáilte chroíúil roimh na haíonna ar fad chuig an ócáid, ina measc bhí Méara nua Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Eddie Hoare agus Leasmhéara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Dónal Lyons mar aon leis an Clr Frank Fahy, Clr Alan Cheevers agus an Clr Terry O’Flatherty. Chomh maith leis sin,  ghabh sí buíochas leis na heagraíochtaí ar fad a thugann tacaíocht do Ghaillimh le Gaeilge.

Is ón gCrannchur Naisiúnta tríd an an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a fhaigheann Gaillimh le Gaeilge an chuid is mó den tacaíocht.  Faigheann siad tacaíocht chomh maith ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Chairde Ghaillimh le Gaeilge tríd Chumann Tráchtála na Gaillimhe.

Tá an tacaíocht seo riachtanach don eagraíocht lena gcuid seirbhísí agus a gcuid tacaíochtaí praiticiúla éagsúla a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo an Ghaeilge a úsáid ina ngnólachtaí agus ina n-eagraíochtaí i gCathair na Gaillimhe.

Labhair Méara nua Chathair na Gaillimhe an Clr. Eddie Hoare agus dúirt sé:

“Tá áthas orm a  bheith anseo i gceartlár na Gaeltachta ag Fulacht Fia Chairde Ghaillimh le Gaeilge.   Tá Cathair na Gaillimhe ‘fite fuaite’ leis an nGaeltacht is mó sa tír, atá suite ar leac an dorais againn agus tá súil agam go n-éireoidh an nasc seo níos láidre fós le cur i bhfeidhm Phlean Teanga Chathair na Gaillimhe”.

D’fhógair Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, ceathrar stiúrthóir nua ar Bord Stiúrtha na heagraíochta. Is iad sin: Siubhán Nic Grianna (Bainisteoir Pleanála Teanga, Údarás na Gaeltachta), John Breslin, (Ollamh san Innealltóireacht Leictreonach, Ollscoil na Gaillimhe) Pádraig Óg Ó Beaglaoich (Leas-Phríomhfheidhmeannach, COGG) agus Pádraig Lally (Úinéir, Tigh Taaffes).

Ghabh sí buíochas leis na stiúrthóirí a bhí ag seasamh síos ón mBórd i mbliana agus dúirt sí:

“Gabhaim buíochas  le ball bunaithe na heagraíochta agus stiúrthóir Ghaillimh le Gaeilge atá ag seasamh síos ón mBord i mbliana.  Is é sin Aindriú D’Arcy;   mo mhíle buíochas leat as do chuid ama agus as do chuid saineolais ar an mBord ó bunaíodh an eagraíocht siar in 1987.  Tá  ár mbuíochas tuillte do thriúr  eile atá ag éirí as i mbliana, agus is iad sin;  Máire Mhic Aodha, Rúnaí Cuideachta na heagraíochta, na stiúrthóirí, Caitlín Nic an Ultaigh agus Maeve Joyce Crehan. Go raibh míle maith agaibh ar fad as bhur gcuid  ama ar an mBord, as bhur gcomhairle agus as an treoir a thug sibh don eagraíocht ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn” a dúirt sí.

Is iad na stiúrthóirí eile atá ar Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge ná: Mary Rodgers, Príomhfheidhmeannach, Portershed, Pádraic Ó Ráighne, Bunaitheoir Secret Connemara agus Connemara Pub Tours agus Daithí Ó Gallchobhair, Bainisteoir Foirne, An Ghaeltacht & na hOileáin, Slí an Atlantaigh Fhiáin.

Ghabh an Cathaoirleach buíochas leis na meáin chumarsáide lena dtacaíocht ag coinneáil ‘scéal Ghaillimh le Gaeilge’ i mbéal an phobail. Labhair sí chomh maith faoin obair atá roimh Ghaillimh le Gaeilge sna seachtainí amach romhainn mar chuid d’fheidhmiú phlean teanga chathair na Gaillimhe.   Beidh an chéad fhéile dhátheangach ar siúl le linn deireadh seachtaine saoire bainc ‘Lá Fhéile Bhríde’, an bhliain seo chugainn. Tá an tionscnamh seo á dhéanamh ag Gaillimh le Gaeilge  i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus le Fáilte Ireland agus le tacaíocht páirtithe leasmhara eile.

Tá an dara tionscadal ar cheann de na príomhchuspóirí atá ag an eagraíocht sna blianta atá amach romhainn agus baineann sé sin le Lárionad Cultúrtha Gaeilge a bhunú i gcathair na Gaillimhe. Beidh forbairt agus rath an tionscadail seo ag brath ar thacaíocht chuí a bheith ar fáil ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge míle buíochas a ghabháil le gach duine a bhí i láthair ag an bhFualcht Fia agus buíochas speisialta a ghlacadh le hurraí na hócáide  Ná déan dearmad go bhfuil Gaillimh le Gaeilge ar fáil chun aon chúnamh a thabhairt duit an Ghaeilge a shní isteach i do ghnó SAOR IN AISCE. Tuilleadh eolais ach teagmháil a dhéanamh linn ag eolas@gleg.ie nó 091 568876.