Aonach Earcaíochta ALIVE

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Bhí Majella O’Meara, Pleanálaí Teanga ó Ghaillimh le Gaeilge, ag Ollscoil na Gaillimhe le déanaí ag Aonach Earcaíochta ALIVE in Ollscoil na Gaillimhe.

Bhí sí ansin chun oibrithe deonacha le Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe  a earcú le haghaidh seirbhísí óige Gaeilge a fhorbairt do chathair na Gaillimhe mar chuid den Phlean Teanga Chathair na Gaillimhe. Tá Majella ag forbairt Ógchlubanna Gaeilge agus Clubanna Iar-Scoile Gaeilge do chathair na Gaillimhe faoi láthair. Lá galánta a bhí ann le hatmaisféar iontach cairdiúil timpeall na halla! Go raibh míle maith agat ALIVE agus Ollscoil na Gaillimhe as an bhfáilte álainn a chur sibh romham. Bhí sé chomh deas bualadh le cairde nua ó gach aon chearn den tír, mar aon le mic léinn idirnáisiúnta chomh maith. Tá deiseanna iontacha in ann  #Gaeilge  i gcathair dhátheangach na hÉireann! Seo cúpla grianghraf ón lá 📷