Tonnta – Ag ceiliúradh na Gaeilge agus Gaillimh mar chathair dhátheangach

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Tá Gaillimh, cathair féilte na hÉireann, ar tí féile eile a chur ar bun – Tonnta – chun ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge agus ar Ghaillimh mar chathair dhátheangach. Tá an fhéile nua pleanáilte ag Gaillimh le Gaeilge, a oibríonn chun feiceálacht agus inchloisteacht na Gaeilge a fheabhsú i nGaillimh. Tá an fhéile nua comh-mhaoinithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Fáilte Ireland, Gaillimh le Gaeilge agus Plean Teanga Chathair na Gaillimhe agus. Mar chuid d’ainmniú na Gaillimhe mar chathair chultúir agus mar chathair oifigiúil dhátheangach, tá comhpháirtíocht á bhunú freisin le Comhlacht Cultúir na Gaillimhe.

Míníonn Bríd Ní Chonghóile, Príomhfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge, ar chéard a bheidh i gceist: Is féile dhátheangach Tonnta ina mbeidh béim ar an nGaeilge. Le cuidiú ó chainteoirí Gaeilge agus gníomhaíochtaí cultúir dátheangacha éagsúla, tá sé d’aidhm againn an Ghaeilge a chur i láthair níos mó daoine nach labhraíonn í. Déanfar ceiliúradh le linn na féile ar chultúr ar leith agus bríomhar na Gaeltachta, ar oidhreacht Naomh Bríd agus tabharfar ardán dóibh freisin i rith na deireadh seachtaine.

Beidh Tonnta ar siúl ón 1 go dtí an 5 Feabhra agus beidh réimse éagsúil taibhithe ar siúl lena n-áirítear: 

  • Altan in Amharclann Halla na Cathrach,
  • Liam Ó Maonlaí ag An Taibhdhearc,
  • Beo ar Éigean (‘beo’) leis na réaltaí ón bpodchraoladh Beo ar Éigean,  Siún Ní Dhuinn, Sinéad Ní Uallacháin agus Áine Ní Bhreisleáin,
  • Trad Rave sa Róisín Dubh,
  • Seónna tine ó ealaíontóirí de chuid an taispeántais soilse agus seónna tine a bhfuil duaiseanna buaite acu, Rogu,
  • Céilí ar an bhFaiche Mhór,
  • Taispeántas grinn le Focal na mBan sa Róisín Dubh,
  • Cainteanna agus ceardlanna dátheangacha chomh maith le himeachtaí do pháistí.
  • Taispeántas Cartún

Ach níos tábhachtaí ná aon ní eile, cuirfidh an fhéile neart deiseanna ar fáil do dhaoine chun a gcuid Gaeilge a chleachtadh, beag beann ar a gcumas.

Tuilleadh eolais ar fáil ar www.tonnta.eu