Tonnta

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Ceiliúradh á dhéanamh ar an nGaeilge agus ar Ghaillimh ina Cathair Dhátheangach

Deireadh Seachtaine na Féile Bríde

 

Beidh Tonnta – an fhéile is nuaí i nGaillimh a dhéanfaidh ceiliúradh ar an nGaeilge agus ar Ghaillimh ina cathair dhátheangach – ar siúl ón 1 – 4 Feabhra.  Céard atá i gceist leis an bhféile?  Ó tharla gur deireadh seachtaine na Féile Bríde a bheidh ann, beidh roinnt téamaí i gceist ach is é príomhthéama na Féile ná ceiliúradh a dhéanamh ar stádas na Gaillimhe ina cathair dhátheangach.

An Dátheangachas!

Le linn an deiridh seachtaine agus go háirithe ag an gCéilí Mór saor in aisce agus seónna tine ar an bhFaiche Mhór agus ag na ceardlanna, taispeántais chartúin agus imeachtaí teaghlaigh ag an PorterShed, beidh deiseanna agat do spéis sa Ghaeilge a athmhúscailt trí labhairt le hambasadóirí teanga tuisceanacha agus cuidiúla a rachaidh i mbun comhrá leat ar cibé leibhéal Gaeilge a bhfuil tú compordach leis.  Beidh an focal sin atá uait díreach os do chionn ar na bratacha lasnairde nuair a bheidh tú ag spaisteoireacht tríd an gCeathrú Mheánaoiseach – níl ort ach do lámh a chur in airde, greim a fháil air agus é a úsáid!  Beidh go leor de na ceardlanna agus imeachtaí dátheangach lena n-áirítear na Turais Bhia agus Uisce Beatha le Galway Food Tours, an Dirty Circus sa Taibhdhearc, Am Scéalaíochta i gcomhar le Féile Moth and Butterfly i Leabharlann na Cathrach.

Mná Mnásome a bheidh lárnach san fhéile Tonnta freisin!

Ar Lá Fhéile Bríde, agus go deimhin le linn an deiridh seachtaine ar fad, déanfaimid ceiliúradh ar na mná agus tá ríméad ar Tonnta go mbeidh léiriú beo den phodchraoladh Beo ar Éigean, taispeántas grinn Mnásome Geeze sa Róisín Dubh agus Seisiún Ceoil na mBan sa Crane mar chuid de na himeachtaí.

Téann an Teanga agus Cultúr le chéile.

Déantar ceiliúradh leis an gclár imeachtaí freisin ar Chultúr na Gaeltachta agus níl aon dream níos fearr ann chun é sin a dhéanamh ná Altan a bheidh ag ceol in Amharclann Halla na Cathrach, Dé hAoine an 2 Feabhra; Liam Ó Maonlaí a bheidh ag ceol sa Taibhdhearc, mar aon leis an amhránaí Mairéad Ní Fhlatharta, a bheidh in éineacht leis an gceoltóir, Erin Nic Eoghain, (An Spidéal, Co na Gaillimhe), Dé Sathairn an 3 Feabhra; Beidh Pastime Chonamara, agus Ceoltóirí Óga Chois Fharraige in Ionad na Faiche Móire Dé Sathairn freisin agus an Trad Rave a bheidh ar siúl sa Róisín Dubh ar an Aoine, 1 Feabhra.

 

Saor in Aisce

Tá cuid mhór de chlár Fhéile Tonnta saor in aisce lena n-áirítear cainteanna, ceardlanna, an Taispeántas Cartún Gaeilge á chur i láthair ag Féile Cartún na Gaillimhe agus Lá na bPáistí a bheidh ar fad ar siúl in PorterShed a Dó, Sráid an Mhargaidh Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.

Chomh maith leis sin beidh an fhéile Tonnta faoi lán seoil ar an bhFaiche Mhór Dé Sathairn an 3 Feabhra nuair a bheidh Céilí Mór (2pm go 5pm) saor in aisce ar bun agus dhá sheó tine á gcur i láthair ag Rogu, a bhfuil clú agus cáil bainte amach acu, ag 5.15pm agus ag 7pm.

Is é Gaillimh le Gaeilge, atá ag obair chun feiceálacht agus inchloisteacht na Gaeilge a fheabhsú i nGaillimh, atá i mbun na pleanála don fhéile nua seo atá cómhaoinithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Fáilte Ireland, Plean Teanga Chathair na Gaillimhe, Comhlacht Cultúir na Gaillimhe agus Gaillimh le Gaeilge.  Mar chuid d’ainmniúchán na Gaillimhe ina cathair chultúir agus ina cathair oifigiúil dhátheangach, tá comhpháirtíocht á bunú freisin le Comhlacht Cultúir na Gaillimhe.

Tá Bríd Ní Chonghóile, Príomhfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge, ag súil go mór le deireadh seachtaine den scoth:

“Tá muid ag tnúth go mór leis an bhFéile Tonnta chun an dátheangachas a cheiliúradh i gCathair na Gaillimhe. Ó fógraíodh an fhéile Tonnta, tá an-fháilte curtha ag gach duine roimpi agus rinne gnólachtaí agus eagraíochtaí a bhí ag iarraidh páirt a ghlacadh inti teagmháil linn. Gabhaimid buíochas ó chroí le gach duine a thug tacaíocht dúinn agus le gach duine a bheidh ag glacadh páirt inti.”

Tá an fhéile nua comh-mhaoinithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Fáilte Ireland, agus Gaillimh le Gaeilge agus Plean Teanga Chathair na Gaillimhe. Mar chuid d’ainmniú na Gaillimhe mar chathair chultúir agus mar chathair oifigiúil dhátheangach, tá comhpháirtíocht á bhunú freisin le Comhlacht Cultúir na Gaillimhe.