Deis Fostaíochta i gCathair na dTreabh – Tar ag obair linn!

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Tá Gaillimh le Gaeilge ag earcú don ról mar Riarthóir Oifige (lánaimseartha) faoi láthair.

 

Spriocdháta:    Dé Luain, 13 Bealtaine roimh 5.00i.n.

Luach saothair/sochair:  Ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí

Chun iarratas a dhéanamh: Seol litir chlúdaigh agus CV i nGaeilge chuig brid@gleg.ie

Is fostóir comhionannais deiseanna é Gaillimh le Gaeilge

 Príomhdhualgais an phoist:  Ag tuairisiciú chuig an bPríomhfheidhmeannach, déanfaidh an Riarthóir Oifige:

  • Obair riaracháin na hoifige a fhorbairt agus a bhainistiú
  • Córas comhadaithe a fheidhmiú agus a bhainistiú
  • Plé le fiosruithe ón bpobal (go pearsanta, fón, r-phost agus postas)
  • Soláthairtí oifige a ordú agus stoc na stáiseanóireachta a choinneáil suas chun dáta
  • Riaradh a dhéanamh ar scéim ballraíochta Chairde Ghaillimh le Gaeilge
  • Tacaíocht a thabhairt d’fhoireann Ghaillimh le Gaeilge le tograí éagsúla
  • Aon dualgas eile a bhaineann leis an bpost a dhéanamh

Riachtanais an Phoist:

  • Taithí chuí ar obair riaracháin oifige, tuairisciú agus cuntais
  • Scileanna láidre eagrúcháin – cumas cloí le sceideal agus spriocdhátaí
  • Ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla, idir scríofa agus labhartha mar aon le tiomantas don teanga
  • Ardscileanna cumarsáide agus ardscileanna idirphearsanta
  • Saineolas ar phacáistí Microsoft Office, go háirithe Word, Excel agus Outlook

(Bheadh sé ina bhuntáiste dá mbeadh taithí ar WordPress)

  • Meoin dearfach le fuinneamh agus grá don Ghaeilge
  • An cumas dul i mbun oibre mar chuid d’fhoireann agus ar a stuaim féin de réir mar is gá

 Suíomh Oibre: Beidh an Riarthóir Oifige lonnaithe in Oifig Ghaillimh le Gaeilge, Sráid Thobar an Iarla, Gaillimh.

**************************

Faigheann Gaillimh le Gaeilge maoiniú ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán tríd an gCrannchur Náisiúnta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe tríd an scéim CAIRDE Gaillimh le Gaeilge.