Gearrliosta Ghradam 2024, a bhfuil réimse leathan de ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí na Gaillimhe san áireamh air, fógartha

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Tá sceitimíní mór ann ó tharla go bhfuil 16 ghnólacht agus eagraíocht as Gaillimh roghnaithe le bheith san iomaíocht i mbabhta ceannais Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2024. Is é Gaillimh le Gaeilge i gcomhar leis an Galway Advertiser, TG4 agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe a eagraíonn an Gradam a dhéanann ceiliúradh ar bharr feabhais dátheangach i gcúrsaí gnó.

Tháinig na moltóirí le chéile maidin Dé Luain i gCumann Tráchtála na Gaillimhe don chéad chéim den phróiseas moltóireachta. Dúirt Gearóidín Hynes, Bainisteoir Tograí Ghaillimh le Gaeilge, go raibh tasc deacair roimh na moltóirí ar maidin an Gearrliosta a roghnú mar gheall gur léirigh na hainmnithe ar fad go bhfuil siad tiomanta dáiríre do Ghaillimh mar chathair dhátheangach agus go gcuireann siad béim láidir ar Sheirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil.

Is éard a dúirt Aelmuire Ní Ógartaigh agus í ag labhairt thar ceann na moltóirí:

“Tá sé go hiontach a fheiceáil go bhfuil an Gradam ag dul i dtreise i gcónaí.  Ní tasc éasca a bhí ann an Gearrliosta a roghnú ar maidin. Is léir go bhfuil obair iontach ar bun chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa chathair agus is iontach an rud é go bhfuil seirbhís trí Ghaeilge ar fáil chomh forleathan sin. Déanaim comhghairdeas leis na gnólachtaí agus eagraíochtaí ar fad atá ar an nGearrliosta agus táimid ag súil le cuairt a thabhairt orthu sna seachtainí amach romhainn.”

Is é seo a leanas Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2024:

  • Na hainmniúcháin sa rannóg ‘Taithí Mhiondíola’, urraithe ag Galway Bay FM
    Just Art It agus St. Vincent de Paul, Westside
  • Na hainmniúcháin sa rannóg ‘Turasóireacht’, urraithe ag Fáilte Éireann  Daróg Wine Bar, Lally Tours, The Hardiman and Tribe Gin School
  • Na hainmniúcháin sa rannóg ‘Seirbhís Chustaiméara’, urraithe ag Computer Troubleshooters
    Murphy & Me, Taylor’s Bar & Beer Garden.
  • Na hainmniúcháin sa rannóg ‘Digiteach’, urraithe ag Platform 94:
    Fluff Beag, Irish Socksciety, Wild Altantic Wicks
  • Na hainmniúcháin sa rannóg ‘Pobal agus Cultúr’, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe:

Feachtas Rothaíochta na Gaillimhe, Galway Art Academy, Galway Trails, Pálás Cinema, Ospís na Gaillimhe

Is díol spéise é nach bhfacthas riamh cheana an líon iontrálacha a bhí sa chatagóir thurasóireachta i mbliana. Léirítear leis an líon iontrálacha atá ag dul i méid sa chatagóir seo an chaoi a bhfuil an dátheangachas ag cur le heispéireas an turasóra chomh maith le Cathair na Gaillimhe mar cheann scríbe ar leith. Bíonn turasóirí ag iarraidh an Ghaeilge a fheiceáil agus a chloisteáil nuair a thugann siad cuairt ar an áit, dá bhrí sin, tá gnólachtaí ag cur tuilleadh comharthaí dátheangacha in airde agus ag cur feabhas ar a Seirbhís trí Ghaeilge chun freastal ar an éileamh sin.

Chomh maith le haitheantas a thabhairt do bharr feabhais dátheangach agus é a cheiliúradh, is deis é Gradam Gnó Dátheangach Sheosaimh Uí Ógartaigh chun fás agus nuálaíocht ghnó a bhaint amach.  Má bhuann cuideachta an gradam mór le rá seo, ní hamháin go gcuirtear ainm na cuideachta in airde ach spreagtar cuideachtaí eile cleachtais dhátheangacha a ghlacadh freisin.

Roghnaíonn painéal neamhspleách moltóirí a bhfuil réimse leathan saineolais acu buaiteoirí an Ghradaim gach bliain. Ar phainéal moltóireachta na bliana seo, tá: Aelmuire Ní Ógartaigh, iníon le Seosamh Ó hÓgartaigh nach maireann agus a bhfuil an gradam ainmnithe ina dhiaidh, Margaret Jenkins, Bainisteoir Foirne Shlí an Atlantaigh Fhiáin, Caroline Ní Fhlatharta, Oifigeach na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe agus Diarmuid Ó Conchubhair, Galway Bay FM.

Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge an deis seo a ghlacadh chun buíochas a ghabháil leis na hurraitheoirí áitiúla agus náisiúnta ar fad as an tacaíocht thar a bheith luachmhar atá tugtha acu don Ghradam i gcaitheamh na mblianta. Go raibh míle maith agaibh a chairde:  Galway Advertiser, TG4, Fáilte Ireland, Galway Bay FM, Computer Troubleshooters Galway, Platform 94, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, MOLSCÉAL, Údarás na Gaeltachta agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe.  Is fiú níos mó ná €43,000 luach iomlán na hurraíochta.