Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh bainte amach ag Lally Tours

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Bhailigh slua mór le chéile oíche Dé Luain chun ceiliúradh a dhéanamh ar an obair agus na gaiscí dátheangachais a rinneadh faoi scáth Ghearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, agus bhí an slua ar tinneall agus ar bís faoin am ar fógraíodh na buaiteoirí.

 Cuireadh scoth na siamsaíochta ar fáil do na haíonna a bhí i láthair agus ‘réamhchoirm’ le fáil acu ó roinnt de na baill ó cheolfhoireann Trad on the Prom, Máirín Fahy, Yvonne Fahy, Chris Kelly agus Colm Henry mar aon le seaimpíní an domhain sa damhsa, Evan O’Brien agus Owen Gaughan.

Agus í ag fáiltiú na haíonna ag tús na hócáide, thug Bríd Ní Chonghóile, Príomhfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge, an tUasal Ronnie O’Gorman, bunaitheoir agus cathaoirleach an Galway Advertiser chun cuimhne. Is iad an Galway Advertiser príomh-urraitheoirí an Ghradaim ó bunaíodh é in 2002. Cuireadh ráiteas ó Declan Varley, Grúpeagarthóir an Galway Advertiser i  láthair  an tslua. 

 “Is seoid i gcoróin na Gaillimhe í an Ghaeilge. Tá freagracht orainne mar sin a chinntiú go gcaomhnaítear í do na glúnta atá le teacht.  Sa ré seo, ina bhfuil dul chun cinn ollmhór á dhéanamh i dtaobh Intleacht Shaorga, tá baol ann go roghnóimidne mar shochaí bealaí níos éasca chun rudaí a dhéanamh nach mbeidh an oiread smaointeoireacht chriticiúil ag teastáil ina leith.  Ní fhéadfaimid ligean don teanga a bheith ar cheann de na scileanna agus seoda sin a ligimid le sruth díreach mar gheall gur measadh gurbh í an Ghaeilge an rogha ba dheacra. Bhunaigh Ronnie O’Gorman The Galway Advertiser chun béim a leagan ar chomh speisialta is atá Gaillimh, agus tá ríméad orainn mar sin a bheith inár bpríomh-urraitheoirí ar an nGradam chun tacú le Gaillimh le Gaeilge i mbliana agus sna blianta atá le teacht.”

Ghlac an Comhairleoir Eddie Hoare, Méara Chathair na Gaillimhe, briseadh óna fheachtas toghcháin chun teastais an Ghradaim a bhronnadh ar gach ceann de na hiomaitheoirí ar an nGearrliosta. 

 D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne TD, buaiteoirí iomlána agus na buaiteoirí ón gcúig chatagóir.  Agus an Gradam ag ceiliúradh 22 bliain ar an bhfód, d’fhógair an tAire Stáit ‘Lally Tours’ mar bhuaiteoir iomlán Ghradam 2024.

Bronnadh pacáiste fógraíochta ó phríomh-urraitheoirí an Ghradaim, an Galway Advertiser, pacáiste poiblíochta le TG4,  ballraíocht bliana le Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus le Gaillimh le Gaeilge. Gheobhaidh siad píosa álainn dealbhóireachta leis an ealaíontóir clúiteach Pádraic Reaney atá sa Ghradam, agus 14 Threibh na Gaillimhe léirithe ann, mar aon le “Treibh nua na linne seo” mar shiombail ar bhuaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh agus ar na buaiteoirí a bheidh ann amach anseo. 

Is iad na buaiteoirí eile ar an oíche ná: Just Art It sa Chatagóir ‘Taithí Mhiondíola’ urraithe ag Galway Bay FM;  Murphy & Me sa Chatagóir ‘Seirbhís Chustaiméara’, urraithe ag Computer Troubleshooters; Irish Socksciety sa Chatagóir ‘Digiteach’, urraithe ag Platform 94;  Feachtas Rothaíochta na Gaillimhe sa Chatagóir ‘Pobal agus Cultúr’, urraithe ag Acadmh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe.

Fuair buaiteoirí na gCatagóirí pacáiste gnó ar fiú €2,000 é ón urraitheoir a bhain leis an gcatagóir a raibh siad ann.  Tugadh macasamhail Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh dóibh freisin, urraithe ag Údarás na Gaeltachta.

 

I mbliana, roghnaigh na Moltóirí Daróg, Beár Fíona lonnaithe ar Shráid Doiminic do Bhronnadh Speisialta na Moltóirí, urraithe ag Judy Greene Pottery.   Déantar Bronnadh Speisialta na Moltóirí, le haitheantas a thabhairt do ghnólacht a bhí istigh ar an nGradam den chéad uair agus a bhain amach caighdeán chomh hard agus go gcaithfí aitheantas a thabhairt dó. Tá gradam Chonnacht agus gradam na hÉireann don Taithí Fíona is Fearr díreach buaite ag Daróg ag Gradaim Chumann Bialann na hÉireann.

 Ina theannta sin, bhronn na Moltóirí Scoláireacht Ollscoile, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe ar dhá ghnó de bharr go gcaithfí aitheantas a thabhairt don díograis agus díocas a léirigh na húinéirí gnóthaí agus iad ag foghlaim na teanga. Bronnadh an scoláireacht seo Galway Art Academy agus Wild Atlantic Wicks.

 Agus é ag labhairt faoi Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne, TD:

 Déanaim comhghairdeas leis na sé cinn déag de ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí atá roghnaithe i mbabhta ceannais an Ghradaim i mbliana.  Tá an-áthas orm a bheith anseo anocht chun aitheantas a thabhairt do bhur gcuid éachtaí dátheangacha agus iad a cheiliúradh libh.   Is é seo an chéad uair agam i gCathair na Gaillimhe i m’Aire Stáit don Ghaeltacht agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le rannpháirtithe go léir an Ghradaim, go háirithe na gnónna a bhain babhta ceannais an Ghradaim amach agus atá anseo anocht linn.  Is ábhar spreagtha ceart é daoine ó ar fud an domhain mhóir a bheith ina gcónaí agus ag obair i gCathair na Gaillimhe agus cé go bhfuil ardmheas acu ar a dteanga agus ar a gcúlra féin, glacann siad go fonnmhar leis an nGaeilge agus le cultúr na hÉireann ina ngnónna agus ina n-eagraíochtaí.”  

 Ag labhairt ar na buaiteoirí, dúirt Margaret Jenkins, Bainisteoir Foirne, Slí an Atlantaigh Fhiáin:

“I mo bhall dom ar phainéal na moltóirí do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, d’ardaigh an bealach atá na gnónna seo ag baint úsáid as an nGaeilge ina gcuid oibre ó lá go lá mo chroí agus chuaigh sé i gcion orm. Mar gheall go bhfuil stádas dátheangach ag cathair na Gaillimhe, tá gné eile ar leith aici nach bhfuil ag cathracha eile, agus tá sé cloiste againn féin go pearsanta ó na gnónna go gcruthaíonn sé sin taithí ar leith agus thumthach do na turasóirí. Is iontach an bealach é Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh le hugach a thabhairt do ghnónna, beag beann ar an méid Gaeilge atá acu, an Ghaeilge a shníomh isteach ina gcuid oibre agus bhí caighdeán iarratasóirí na bliana seo, go háirithe i measc gnónna a chuir isteach ar an nGradam den chéad uair, thar a bheith ard. Táim ag súil go mór le bheith ag obair leis na gnónna turasóireachta seo chun gné an dátheangachais a fhorbairt tuilleadh, rud a mheallfaidh tuilleadh turasóirí chucu.”

Rinne Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, an Dr. John Breslin comhghairdeas leis na buaiteoirí ar fad agus mhol sé a saothar dátheangach.  Ghabh sé buíochas le hAire Stáit na Gaeltachta agus lena Roinn as a dtacaíocht leanúnach mar phríomhmhaoinitheoirí Ghaillimh le Gaeilge. Dúirt sé gurb é an chéad tionscadal eile atá roimh Ghaillimh le Gaeilge ná ‘Ionad Cultúir na Gaeilge’ a bhunú do Ghaillimh. I measc na dtairbhí go léir a bheidh mar thoradh ar an togra seo beidh neartú na Gaeilge ní hamháin sa chathair agus sna ceantair máguaird freisin.  Dúirt sé go mbeadh forbairt agus rath an tionscadail seo ag brath ar thacaíocht chuí a bheith ar fáil ó Roinn na Gaeltachta.

D’fhógair sé freisin go mbeidh Tonnta – féile dhátheangach na Gaillimhe a bhí ar siúl den chead uair i mí na Feabhra na bliana seo, ar siúl arís le linn deireadh seachtaine saoire bainc ‘Lá Fhéile Bhríde’, an bhliain seo chugainn. Eagrófar an fhéile seo i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus le tacaíocht páirtithe leasmhara eile.

 Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge an deis seo a thapú le míle buíochas a ghabháil lena gcuid Moltóirí díograiseacha.  Is iad seo a leanas atá ar phainéal moltóireachta na bliana seo : Aelmuire Ní Ógartaigh, iníon Sheosaimh Uí Ógartaigh (nach maireann) ar ainmníodh an gradam in onóir dó, Margaret Jenkins, Bainisteoir Foirne, Slí an Atlantaigh Fhiáin, Caroline Ní Fhlatharta, Oifigeach na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe and Diarmuid Ó Conchubhair, Galway Bay FM.

Buíochas chomh maith lenár n-urraitheoirí iontacha as a dtacaíocht agus a dtiomantas leanúnach don Ghradam le linn na mblianta. Murach ainmniúcháin an Ghradaim agus na hurraitheoirí ní bheadh Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh chomh rathúil is atá. Go mba fada buan iad.

Coinnigh tú féin ar na eolas faoin nuacht agus faoi na forbairtí is deireanaí trí mheáin shóisialta Ghaillimh le Gaeilge a leanúint: Facebook, X agus  Instagram, #GradamGleG