DEIS – Meitheamh 2017

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter
gailliamh le gaeilge

Na Scéalta is déanaí ó Ghaillimh le Gaeilge

Fulacht Fia Chairde Ghaillimh le Gaeilge

Bhain Cairde agus Stiúrthóirí Ghaillimh le Gaeilge ardtaitneamh as tráthnóna álainn ceoil agus bia ag an bhFulacht Fia bliantúil a reáchtáladh, Dé Céadaoin an 28 Meitheamh sa Radisson Blu Hotel & Spa, Bóthar Loch an tSáile, Gaillimh. Is iad Cairde Ghaillimh le Gaeilge Ionad na Faiche Móire, Ollmhargaí na Seoighe, Gaillimh agus an Comhlacht Tógála Stewart a rinneadh urraíocht fhlaithiúil ar an bhFulacht Fia. Míle buíochas leo ar fad.

Ag an ócáid, chuir Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, fáilte mhór chroíúil roimh Mhéara nua-thofa Chathair na Gaillimhe, an Clr Pearce Flannery, a toghadh an tseachtain seo caite.

Labhair sí chomh maith faoin obair atá roimh Ghaillimh le Gaeilge sna seachtainí amach romhainn agus iad ag déanamh áisitheoireacht ar an bpróiseas chun Plean Teanga nua do Chathair na Gaillimhe a réiteach. Dúirt sí:

“Láidreoidh an Plean Teanga nua do Ghaillimh stádas na Gaillimhe mar Chathair Dhátheangach na hÉireann agus cuirfidh sé luach cultúrtha lenár mbliain mar Phríomhchathair Chultúir na hÉireann in 2020 chomh maith. Tá deiseanna iontacha anseo chomh maith leis na meáin a úsáid chun an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh agus an ghné spraíúil den teanga a chur i láthair. Cinnte, tá obair le déanamh, ach le tacaíocht Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Chairde Ghaillimh le Gaeilge agus eagraíochtaí tábhachtacha eile, is féidir linn a bheith muiníneach go gcuirfear plean rathúil le chéile dár gcathair. An dúshlán is mó a bheas romhainn ná na hacmhainní cuí a bheas ag teastáil leis an Plean Teanga nua a chur i bhfeidhm a fháil.”

Go raibh míle maith agaibh! 


Tá Rásaí na Gaillimhe beagnach linn!

Tá Gaillimh le Gaeilge ag glaoch ar GHAILLIMH an Ghaeilge a úsáid i rith na féile.  Is féidir leat í a úsáid ar Chomharthaí/ ar Bhiachláir/ i Margaíocht/ i bhFoilsiúcháin/ nó i dTáirgí atá forbartha do Rásaí na Gaillimhe. Déan teagmháil linn le do thoil ag 091 568876 nó eolas@gleg.ie. Tá deis agat cuairt a thabhairt ar www.gleg.ie chomh maith.

Fáilte chuig Rásaí na Gaillimhe  ~ Welcome to the Galway Races

Bain sult as Rásaí na Gaillimhe ~ Enjoy the Galway Races

Bain sult as an gcraic ~ Enjoy the craic

Lá na mBan ~ Ladies Day

Spraoi agus Spleodar ag Rásaí na Gaillimhe 

Enjoyment and fun at the Galway Races

Bí linn ag Rásaí na Gaillimhe ~ Join us at the Galway Races

An Fhéile Rásaíochta is cáiliúla sa tír!

The most popular Racing Festival in the country!

Táim ag na Rásaí  – I am at the races

Capall  breá Great horse                 

Jacaí breá Great jockey

Aon mholtaí?   Any tips?   

Cuir geall Put on a bet

Gach bealach Each way


Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe

DÚN NA mBAN TRÍ THINE—Léiriú de chuid na Taibhdheirce i gcomhair le hOllscoil na hÉireann Gaillimh mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe –Ar siúl ón 13 go dtí 22 Iúil 2017.

Tuilleadh Eolais ag http://antaibhdhearc.com/shows/dun-na-mban-tri-thine/ 

GIAF

 

 

 

 

 

 


Make ‘an Ghaeilge’ your business

Cuireann Gaillimh le Gaeilge an tseirbhís ‘Gaeilge sa Ghnó’ ar fáil, do ghnólachtaí/d’eagraíochtaí chun cuidiú leo an Ghaeilge a shní isteach ina gcuid gnólachtaí. Tapaigh do dheis agus cuir tús leis na hullmhúcháin anois chun gnó dátheangach a  fhorbairt!


Cairde Ghaillimh le Gaeilge

CARA MAITH

Galway Bay FM

Joyce’s Supermarkets, Galway

Ollmhargaí na Seoighe, Gaillimh

Radisson Blu Hotel & Spa

CARA

Ionad Ealaíon na Gaillimhe/Galway Arts Centre

Míle buíochas!


Dlúthchairde Ghaillimh le Gaeilge 2017

Faigheann Gaillimh le Gaeilge maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta tríd an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Chairde Ghaillimh le Gaeilge i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe.