Beidh ócáid bhronnta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ar siúl sa Rockbarton Suite, in Óstán Bhóthar na Trá, An Phromanáid, Gaillimh, ó 6.30i.n. go dtí 8.30i.n., Déardaoin, 24 Bealtaine 2018,
tráth a bhfógróidh
Seán Kyne TD, Aire Stáit do Ghnóthaí Pobail, Acmhainní Nádúrtha agus Forbairt Dhigiteach
Buaiteoirí na gCatagóirí agus
Buaiteoir Iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018
Ag an ócáid seo chomh maith agus don chéad uair, bronnfaidh an tAire Stáit
‘Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta’
i gcomhar le ‘Fiontar & Scoil na Gaeilge’, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath