Dialann Ghaillimh le Gaeilge 2022 – Deis Fógraíochta

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Tá Gaillimh le Gaeilge ag treabhadh ar aghaidh agus ag déanamh gach iarracht Dialann 2022 a fhoilsiú agus a sholáthar dóibh siúd a bhfuil sé de dhíth orthu an bhliain seo chugainn. Scaiptear an Dialann i measc Chairde Ghaillimh le Gaeilge mar aon le Comhairleoirí, Lucht Gnó, Teachtaí Dála agus Seanadóirí an Iarthair agus ionadaithe eile i nGaillimh.

Tá Dialann Ghaillimh le Gaeilge maoinithe ag na fógróirí go léir liostaithe ann agus táimid fíorbhuíoch leosan agus leo siúd go léir a thugann tacaíocht don Dialann chuile bhliain.

Tá roinnt spásanna fágtha againn agus ba bhreá linn ár gCairde a fheiceáil ann! Déan teagmháil linn ar 091 568876 nó gearoidin@gleg.ie más mian leat spás a chur in áirithe ann.
Beidh lógónna na bhfógróirí ar fad priontáilte ar an gclúdach laistigh.