Maoiniú fógartha ag an Aire Stáit Gaeltachta staidéar féidearthachta a fhorbairt do Lárionad Cultúrtha Gaeilge i gCathair na Gaillimhe

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Cuireann Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge fáilte roimh fhógra an Aire Stáit i Roinn na Gaeltachta Patrick O’Donovan TD go mbeidh maoiniú de suas le €39,459 á chur ar fáil do Ghaillimh le Gaeilge le tabhairt faoi staidéar féidearthachta do Lárionad Cultúrtha Gaeilge nua i gCathair na Gaillimhe.

Tá bunú Lárionad Cultúrtha Gaeilge sa chathair ar cheann de na príomhthéamaí a tháinig chun cinn i bPlean Teanga Chathair na Gaillimhe. (Beart 4:  Plean Teanga Chathair na Gaillimhe)

Déanann Gaillimh le Gaeilge (an eagraíocht atá freagrach as Gaillimh a chur chun cinn ina cathair dhátheangach) maoirseacht ar an bPlean 7 mbliana i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Cheadaigh Roinn na Gaeltachta an plean i mí na Bealtaine 2020 chomh maith le deontas bliantúil €100,000 le haghaidh seacht mbliana chun tacú le cur i bhfeidhm an phlean.

Is éard a dúirt Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge tar éis an fhógra :

“Fáiltíonn muid go mór roimh an bhfógra seo agus tá muid buíoch d’Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan TD as an tacaíocht seo a chur ar fáil dúinn.  Is i nGaillimh atá an ceantar Gaeltachta is mó in Éirinn agus tá sé ainmnithe go hoifigiúil ina Baile Seirbhíse Gaeltachta agus ina Cathair Dhátheangach. Mar thoradh air sin, bheifeá ag súil go mbeadh saibhreas teanga na cathrach agus cultúr na hÉireann léirithe i mol lárnach. Réiteofar an bealach do chéim a dó den tionscadal nua iontach seo le haghaidh chathair Dhátheangach na hÉireann sa staidéar féidearthachta a chuirfear tús leis san Fhómhar.”

Mar thoradh ar phróiseas tairisceana, déanfaidh Freya Watson, Stiúrthóir, Ali Curran, Stiúrthóir, agus John Ruddle, Stiúrthóir Comhlach ar CHL Consulting maoirseacht ar an tionscadal thar ceann Ghaillimh le Gaeilge.

Le linn do cheannaire an tionscadail, Freya Watson, a bheith ag labhairt faoin obair a bheidh rompu, dúirt sí:

“Tá muid ag súil le dul i mbun oibre le Gaillimh le Gaeilge agus lena phríomhpháirtithe leasmhara sna míonna amach romhainn ar an tionscadal iontach uathúil seo, a bhfuil sé chumas ann feidhmiú ina eiseamláir chun daoine a spreagadh chun úsáid níos fearr agus leas níos fearr a bhaint as an nGaeilge. Tá an Ghaeilge agus an cultúr fite fuaite i saol chónaitheoirí na Gaillimhe, más tríd an teanga, tríd an gceol, trí na healaíona nó tríd an ngnó é. Tá sé de rún againn go mbeidh an tIonad nua seo fréamhaithe i nGaillimh chomh maith, agus go mbainfear leas as an saibhreas teanga atá againn ón am atá caite agus go mbeifear ag díriú freisin ar an am atá amach romhainn, agus go mbeidh sé ina mhol ag muintir na háite agus ag cuairteoirí araon.”

Bhunaigh Bord Stiúrthóirí Ghaillimh le Gaeilge grúpa oibre chun an próiseas a threorú. I measc bhaill an ghrúpa oibre, tá Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey, Bríd Ní Chonghóile, Príomhfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge chomh maith le hiarbhaill an bhoird Caitlin Nic an Ultaigh agus Barry O’Sullivan.

Is seirbhís sainchomhairleoireachta gnó é CHL Consulting, a bunaíodh sa bhliain 1984, a chuireann réimse leathan seirbhísí comhairleoireachta agus bainistithe tionscadail ar fáil d’earnálacha na turasóireachta, na hoidhreachta cultúir agus na n-ealaíon.  Tá taithí fhairsing acu maidir le pleanáil forbartha táirgí, anailísí féidearthachta agus pleanáil gnó ar fud na hÉireann.

Tá taithí os cionn tríocha bliain ag Freya ag plé le turasóireacht na hÉireann agus le pleanáil gnó, go háirithe sna réimsí a bhaineann le pleanáil straitéiseach, taighde, turasóireacht oidhreachta agus anailís mhargaidh agus chomparadóra.  Sular thosaigh Freya ag obair le CHL sa bhliain 2013, bhí réimse éagsúla post bainistithe aici le Fáilte Ireland sna réimsí a bhain le Forbairt Cinn Scríbe, Turasóireacht Oidhreachta, Nuálaíocht & Straitéis, agus Margaíocht Táirgí.

Tá taithí os cionn 25 bliain ag Ali ó bheith i mbun oibre i róil feidhmiúcháin agus ó bheith ina comhairleoir speisialtóra sna hearnálacha cultúir agus turasóireachta. Tá láidreacht faoi leith aici sa chultúr comhaimseartha agus ceapadh ar Bhord Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mBaile Átha Cliath le déanaí í.  Áirítear ar a cuid oibre le CHL réimse leathan tionscadal ó fhorbairt coincheapa, e.g. ag eispéireas nua cuairteoirí ag Sliabh Liag, agus staidéir féidearthachta d’Fhondúireacht John Hume (ina raibh measúnú á dhéanamh ar shuíomhanna féideartha san áireamh) agus athbhreithnithe earnála thar ceann na Comhairle Ealaíon.

Tá taithí shuntasach ag John ar shaoráidí cultúir den chineál céanna a bhunú, a bhainistiú agus a chur i gcrích ar bhonn tráchtála agus chomh maith leis sin tá a ghnólacht  comhairleoireachta féin, John Ruddle Consulting, aige. Tá taithí os cionn 25 bliain aige i dtaobh áiteanna móra casta a mbíonn an-tóir ag cuairteoirí orthu in Éirinn a bhainistiú amhail Caisleán agus Daonpháirc Bhun Raite, Aillte an Mhothair, Caisleán agus Gairdíní Mhullach Íde agus Ionad Ard-Oifig an Phoist atá sách nua, agus tuigeann sé go hiomlán na deiseanna atá ann chun inbhuanaitheacht airgeadais a bhaint amach do thairiscint amhail an tIonad nua Cultúir agus Teanga.