Do chuid tuairimí á lorg ag GleG!

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Ar cheann de na tograí a tháinig chun cinn maidir le Plean Teanga Chathair na Gaillimhe (2020-2026), tá Ionad Cultúrtha nua Gaeilge a chur ar bun i gCathair na Gaillimhe mar gheall ar an aitheantas atá tugtha don chathair ag an Rialtas gur Baile Seirbhíse Gaeltachta atá ann.  Tá CHL & Associates, thar ceann Ghaillimh le Gaeilge, i mbun scrúdaithe faoi láthair ar a bhféadfaí a chur ar fáil in Ionad den sórt sin agus ba bhreá linn dá mbeifeá páirteach sa suirbhé gairid seo a chuideoidh le heolas a chur ar fáil don athbhreithniú tosaigh seo.

Cúig nóiméad a theastaíonn leis an suirbhé a líonadh agus beidh gach freagra faoi rún.  Tugtar deis freisin ag deireadh an tsuirbhé le tuairimí a chur in iúl ar bhealach níos mine nó le haighneacht a chur ar fáil más mian leat sin a dhéanamh.  Dáta deiridh 19ú Samhain 2023. Go raibh míle maith agat.

https://form.typeform.com/to/KYUq26dz