Éistigí, lucht gnó na cathrach, tá bhur bhfuinneoga uainn!
An bhfuil tú ag iarraidh a bheith sa seans chun dearbhán luach €250 a bhuachan le haghaidh do ghnó ó Snap Galway?
Tá Gaillimh le Gaeilge, i gcomhpháirtíocht le Bailte Slachtmhara Chathair na Gaillimhe agus le tacaíocht Snap Galway ag obair le gnólachtaí agus le heagraíochtaí chun Nollaig Shona agus fíor-Ghaillimheach a bheith againn i mbliana.
An Ghaeilge:
- Bí Nollaigiúil le ‘Nollaig Shona’ nó bain úsáid as na frásaí seo thíos.
- Glac grianghraf, agus seol isteach chugainn (le do chead an grianghraf a úsáid ar na meáin) nó uaslódáil é agus clibeáil muid ar líne!
- Gheobhaidh an fhuinneog is Nollaigiúla dearbhán luach €250 ó Snap Galway – GRMA
Téarmaí don Nollaig
- Nollaig Shona– Merry Christmas
- Nollaig Shona agus Athbhliain faoi Mhaise– Merry Christmas and a Happy New Year
- Beannachtaí na Nollag– Christmas Greetings
- Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise dár gCustaiméirí go léir– Happy Christmas & a Healthy & Prosperous New Year to all our Customers
- Beannachtaí an tSéasúir– Season’s Greetings
- Nollaig faoi Shéan ‘s faoi Mhaise– Christmas Greetings
- Ba mhaith le (ainm an chomhlachta) Nollaig Shona agus Beannachtaí na hAthbhliana a ghuí ar ár gcuid Custaiméirí go léir– (The Company name) wish all our customers a Merry Christmas and a Happy New Year
- Daidí na Nollag– Santa Claus
- Bronntanas Nollag– Christmas Present
- Lá an Dreoilín /Lá Fhéile Stiofáin– St Stephen’s Day
- Oíche Chinn Bliana– New Year’s Eve
- Lá Caille or Lá na Bliana Nua– New Year’s Day
- Nollaig na mBan– Little Christmas
Spriocdháta don chomórtas: 8 Nollaig 2024.