Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh
Is iad Gaillimh le Gaeilge a eagraíonn Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, i gcomhpháirtíocht leis an Galway Advertiser agus TG4 agus le tacaíocht speisialta ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe. Tá an Gradam dá shórt is faide atá ar an bhfód in Éirinn ainmnithe i gcuimhne ar Sheosamh Ó hÓgartaigh, nach maireann – duine de bhunaitheoirí Ghaillimh le Gaeilge agus a bhí ina rúnaí cuideachta tráth ar Ghaillimh le Gaeilge.
Nuacht an Ghradaim
Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh bainte amach ag Lally Tours
28 May 2024Bhailigh slua mór le chéile oíche Dé Luain chun ceiliúradh a dhéanamh ar an obair agus na gaiscí dátheangachais a rinneadh faoi scáth Ghearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, agus bhí ...
LÉIGH NÍOS MÓGearrliosta Ghradam 2024, a bhfuil réimse leathan de ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí na Gaillimhe san áireamh air, fógartha
18 Apr 2024Tá sceitimíní mór ann ó tharla go bhfuil 16 ghnólacht agus eagraíocht as Gaillimh roghnaithe le bheith san iomaíocht i mbabhta ceannais Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2024. Is é Gaillimh ...
LÉIGH NÍOS MÓNa hAinmniúcháin - Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2024
21 Mar 2024Seo a leanas na hAinmniúcháin do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2024: Miondíol urraithe ag Galway Bay FM Just Art IT Murphy and Me Seodóireacht Ceilteach an Chladaigh SVP ...
LÉIGH NÍOS MÓÉ fógartha go bhfuil Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh do 2023 buaite ag Eaglais Choláisteach San Nioclás
26 May 2023D’fhógair Méara Chathair na Gaillimhe an Comhairleoir Clodagh Higgins gurb é Eaglais Choláisteach San Nioclás buaiteoir foriomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ag searmanas speisialta bronnta in óstán The Hardiman, An ...
LÉIGH NÍOS MÓ“Tá áthas an domhain orainn a bheith ainmnithe mar bhuaiteoir foriomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i mbliana. Táimid an-bhródúil as an méid atá déanta againn ó thosaigh muid amach leis an nGradam ceithre bhliain ó shin. Tá seirbhís trí Ghaeilge ar fáil anseo and creidimid gur cuid lárnach é dár mbranda agus dár seirbhís é cur chun cinn na Gaeilge. Baineann cuid mhaith dár gcuid gcustaiméirí leas as seo agus déanann siad a ngnó trí Ghaeilge linn.
Táimid an-bhródúil as stádas na Gaillimhe mar chathair dhátheangach, agus táimid díograsach ó thaobh tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus táimid ag oibriú ar níos mó Gaeilge a thabhairt isteach i reáchtáil ár gcuideachta ó lá go lá.”
Maureen Duggan ó KD AUTOPARTS Gaillimh, Buaiteoir Iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2022.
“Táimid go léir i Big O Taxis an-sásta as a bheith ainmnithe mar bhuaiteoir foriomlán de Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2021. Táimid an-bhródúil as an méid atá déanta againn ó thosaigh muid amach leis an nGradam ceithre bliana ó shin – mar a deirtear, bíonn an tríú huair sona nó an ceathrú huair sa chás seo!
Táimid an-bhródúil chomh maith as an stádás atá bainte amach ag Gaillimh mar chathair dhátheangach agus tá lúcháir orainn a bheith ag tacú leis an nGaeilge. Úsáidimid an Ghaeilge ar chomharthaíocht, ar stáiseanóireacht, ar chártaí beannachta, ar ár gcártaí gnó agus i bhfógraí.”
Seán Ó Méalóid, Stiúrthóir Big O Taxis, Buaiteoir Iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2021.
“Táimid an-bhródúil as stádas na Gaillimhe mar chathair dhátheangach oifigiúil, agus mar theaghlach, táimid feasach ar gach rud is féidir a dhéanamh chun úsáid na Gaeilge inár ngnó a chur chun cinn. Is cuid ollmhór den obair a dhéanaimid ár stair agus ár n-oidhreacht. Dá bhrí sin, déanann sé ciall ár dteanga dhúchais a úsáid gach áit agus aon uair ar féidir linn. Is breá le muintir na háite an Ghaeilge a fheiceáil.”
Paul Grealish, The Kings Head, Buaiteoir Iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020.
“Bhí muid thar a bheith bródúil as ár gcultúr agus as ár n-oidhreacht in iarthar na hÉireann agus i nGaillimh ach go háirithe agus theastaigh uainn rud éigin a thabhairt ar ais – theastaigh uainn rud éigin a dhéanamh le cois an tseirbhís atá againn a chur ar fáil. Tá roinnt mhaith cainteoirí dúchais Gaeilge ar fhoireann s’againn agus custaiméirí ar cainteoirí Gaeilge iad chomh maith, mar sin bhí muid ag iarraidh an Ghaeilge a thabhairt isteach inár gcuid oibre. Fuair muid tacaíocht iontach ón bhfoireann ar fad i nGaillimh le Gaeilge.Tá bród orainn a bheith mar chuid den cheiliúradh seo ar an nGaeilge agus tá súil againn leanúint ar aghaidh ní hamháin leis an mbranda dátheangach seo a thógáil ach leis an lucht gnó trí chéile a spreagadh, le cúnamh Dé, chun a gcuid féin a dhéanamh don teanga. Má bhíonn tú ag plé le margaíocht, bíonn ort nádúr ar leith a chruthú nó guth a aithint do do chomhlacht. Caitheann go leor comhlachtaí an t-uafás ama ag cuardach comhartha féiniúlachta ar leith dóibh féin ach i ndáiríre tá freagra na ceiste díreach os ár gcomhair. Is Éireannaigh muid, tá nádúr ar leith agus guth againn agus ba chóir dúinn ár dteanga féin a cheiliúradh. Is é an rud is tábhachtaí a d’fhéadfadh muid a dhéanamh dár gcustaiméirí ná iad a chur ar a gcompord, meas a léiriú orthu agus freastal ar a gcuid riachtanas – cén chaoi ab fhearr leis seo a dhéanamh ná ligint dóibh labhairt linn ina dteanga féin?”
Vivienne Molloy, Sweeney Oil, Buaiteoir iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019
“Bhí ríméad orainn Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018 a bhuachan, is mór an rud é an gradam seo ag ár bhfoireann de bharr go bhfuil muid ag obair i dtreo gnó dátheangach le 4 bliana anuas. Agus an gradam iomlán bainte againn i mbliana, tugann sé aitheantas don díograis agus don tiomantas atá againn i leith na Gaeilge agus i leith chur chun na Gaillimhe agus í mar chathair dhátheangach na hÉireann.”
Emma Dillion-Leetch, The Connacht Hotel, Buaiteoir iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018