Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019 ainmnithe ag Méara Chathair na Gaillimhe

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Rinne Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Níall McNelis, Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a fhógairt go hoifigiúil ag preas-ócáid a reáchtáladh le deireanaí i gCumann Tráchtála na Gaillimhe. Tá 13 ghnó agus eagraíocht atá lonnaithe i gcathair na Gaillimhe, agus a bhaineann le raon leathan earnálacha, tríd chuig an gcéad bhabhta eile den Ghradam agus deis acu a bheith ainmnithe mar an chéad treibh nua eile de chuid na Gaillimhe. Eagraíonn Gaillimh le Gaeilge an Gradam i gcomhar leis an Galway Advertiser, TG4 agus le tacaíocht Chumann Tráchtála na Gaillimhe.

Ainmníodh na gnónna agus na heagraíochta seo a leanas ar Ghearrliosta Ghradam 2019:

Catagóir Miondíola urraithe ag Galway Bay FM:

Ionad Siopadóireachta na Coiribe/ Corrib Shopping Centre, KD Autoparts, Mary’s Fish

Catagóir Turasóireachta agus Fáilteachais urraithe ag Fáilte Ireland:

Clayton Hotel Galway, The Galmont Hotel & Spa, The Kings Head, The Skeff Late Night Bar & Kitchen

 

Catagóir Seirbhísí, urraithe ag Snap Galway:

Magnet Networks, Ó Tuairisg Associates Ltd., Sweeney Oil

 

Catagóir na gComhlachtaí Eile, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gailge,OÉ Gaillimh:

Big O Taxis,Ionad d’Oibrithe Deonacha na Gaillimhe/ Galway Volunteer Centre,  Gáirdín Orgánach Pobail an Taoibh Thiar /Westside Community Organic Gardens

 

Agus é ag caint faoi ainmniúcháin Ghradam na bliana seo, thréaslaigh Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Níall McNelis, leo uilig ar an méid atá bainte amach acu agus dúirt:

“Léiríonn an t-ardchaighdeán atá i ngach catagóir den Ghradaim an tiomantas agus an paisean atá ann don Ghaeilge inár gcathair”.

Rinne sé comhghairdeas leis an nGearrliosta ansin, bhronn Teastas an Ghradaim ar gach ainmniúchán ar an nGearrliosta agus dúirt:

“Is bealach iontach é Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh do ghnónna agus d’eagraíochtaí béim aird a tharraingt ar an obair dhátheangach a dhéanann siad agus aitheantas a fháil air. Spreagann sé daoine chomh lena gcuid Gaeilge a fheabhsú agus níos mó úsáide a bhaint aisti. Ba dheacair Cathair na Gaillimhe a shamhlú anois gan an Gradam – go leanaimid orainn ag cur chun cinn agus ag ceiliúradh na Gaeilge i gcathair seo againne”.

Labhair Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey, ag an ócáid chomh maith. Rinne sí comhghairdeas leis na hainmniúcháin ar fad agus dúirt:

“Míle buíochas leis na heagraíochtaí  agus leis na gnólachtaí go léir a ghlac páirt sa Ghradam i mbliana. Tréaslaím libh as bhur gcuid oibre agus as bhur ndíograis agus sibh ag ullmhú do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh.   Roghnaigh na moltóirí na 13 ghnó agus eagraíocht seo ar an nGearrliosta mar gur léirigh siad tuiscint shoiléir ar chritéir agus ar phróiseas an Ghradaim, agus gur chuir siad ‘ardluach’ ar úsáid na Gaeilge taobh istigh dá ngnó/dá n-eagraíocht. Rinne siad taispeántais phraiticiúla chomh maith ar an gcaoi a n-oibríonn an Ghaeilge dóibh ar bhealach tábhachtach agus inmharthanach. Is iontach an rud é a fheiceáil go bhfuil an Ghaeilge mar chuid dá bpleananna don todhchaí chomh maith.”

Ghabh sí buíochas chomh maith le hurraitheoirí áitiúla agus náisiúnta an Ghradaim as a dtacaíocht: The Galway Advertiser, TG4, Fáilte Éireann, Galway Bay FM, Snap Galway, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, MOLSCÉAL, Údarás na Gaeltachta agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe. Is ionann luach iomlán an phacáiste urraíochta don Ghradam agus breis is €23,000.

Míle buíochas le Moltóirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a thabharfaidh cuairt ar gach gnó/eagraíocht ar an nGearrliosta sna seachtainí amach romhainn. Ar phainéal moltóireachta na bliana seo tá: Rónán Ó hÓgartaigh, mac Sheosaimh Uí Ógartaigh (nach maireann), a bhfuil an Gradam seo ainmnithe ina onóir, Deirdre Ní Choistín, Léiritheoir/Eagarthóir MOLSCÉAL agus Freda Nic Giolla Chatháin, Oifigeach Cumarsáide Gaeilge, Gaillimh 2020.

Fógróidh Seán Kyne, TD, Príomh-Aoire an Rialtais, Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin buaiteoirí na gcatagóirí agus buaiteoir iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ag ócáid speisialta bhronnta in Óstán Bhóthar na Trá,  Dé Luain an 20 Bealtaine.