Tóg Gnó Dátheangach
Is féidir le húsáid na Gaeilge cur go mór le do ghnó agus tuilleadh gnó a mhealladh ar bhealach simplí agus ar chostas íseal. Is féidir leat an Ghaeilge a úsáid i go leor bealaí sa ghnó – mar shampla: ar chomharthaí, ar stáiseanóireacht, ar bhiachláir, i mbróisiúir, suíomh greásáin, na meáin shóisialta agus trí sheirbhís i nGaeilge a chur ar fáil.
Níl aon ghá go mbeadh Gaeilge agat chun an Ghaeilge a úsáid i do ghnó – tá Gaillimh le Gaeilge anseo chun cabhrú leat!
Cén fáth a n-úsáidfeá Gaeilge i do ghnó?
Tá go leor fáthanna leis an nGaeilge a úsáid i do ghnó. Seo a leanas roinnt acu:
Buntáistí Geilleagaracha
Is fiú breis agus €136 milliún an Ghaeilge do Chathair agus do Chontae na Gaillimhe – Buntáistí geilleagracha na Gaeilge a fheictear i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe, 2009 [Bane Mullarkey Teo. i gcomhpháirtíocht le Jerome Casey & a Chomh. Teo.]
Dea-thoil
Cruthaíonn an teanga dea-mhéin ar chostas íseal – tá go leor Éireannach an-bháúil don Ghaeilge faoi láthair, agus fonn orthu í a thuiscint agus a fhoghlaim.
Custaiméirí Nua
Meallann an teanga custaiméirí nua i measc lucht labhartha agus foghlama na teanga ach go háirithe – tá bunús custaiméara láidir ag cathair na Gaillimhe, agus roghnóidh go leor acu gnó a bhaineann úsáid as an nGaeilge thar gnó eile nach n-úsáideann.
Fadbhreathnaitheacht
Léiríonn úsáid na Gaeilge ‘radharc fadtéarmach’ – léiríonn fógraíocht i nGaeilge aitheantas, ní hamháin d’éagsúlacht teanga ach d’éagsúlacht chultúrtha agus cúlra chomh maith.
Ardchaighdéan
Is féidir le húsáid na teanga íomhá dhifriúil a léiriú agus meas d’earraí agus seirbhís den scoth.
Ardchaighdéan
Is féidir leis an nGaeilge cabhrú le híomhá Éireannach, agus le húinéireacht Éireannach a chur trasna.
Turasóireacht
Meallann sé turasóirí – is mian le turasóirí a bheith in áit a fhéachann agus a mhothaíonn difriúil.
Cairde Ghaillimh le Gaeilge
Cabhraigh linn an Ghaeilge a chur chun cinn i gCathair Dhátheangach na hÉireann.
Léigh níos mó