NUACHT & IMEACHTAÍ

Nuacht & Imeachtaí

Dialann 2020

24th October 2019
Tá na hullmhúcháin do Dhialann Ghaillimh le Gaeilge 2020 faoi lánseol. Tá ár nDialann maoinithe go hiomlán ag fógraí ó na comhlachtaí agus ó na heagraíochtaí seo a leanas. Scaipfear an Dialann ag tús mhí na Nollag. Seo a leanas liosta de na fógróirí ar fad atá againn i mbliana. Go raibh míle maith agaibh […]
Léigh níos mó...

Lón Gnó mhí na Samhna

23rd October 2019
Bígí linn do Lón Gnó mhí na Samhna a bheidh ar siúl Dé Máirt, 5 Samhain 2019 ag 1.00i.n., i mBeár 1520,  14 Sráid na Céibhe, Gaillimh.
Léigh níos mó...

Fáilte2020 chun an Ghaeilge a neartú i mBóthar na Trá

26th September 2019
Is togra nua é Fáilte2020 atá eagraithe ag Gaillimh le Gaeilge chun úsáid na Gaeilge a neartú i gceantar Bhóthar na Trá. Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag tabhairt tacaíochta don togra seo agus díreoidh sé go príomha ar an earnáil fáilteachais agus turasóireachta i mBóthar na Trá, ach le himeacht ama, leathnófar an togra […]
Léigh níos mó...

An Ghaeilge sa Ghnó

17th September 2019
Cuimhnigh, inniu an lá chun tosnú ag ullmhú do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020! 
Léigh níos mó...

Seoladh #Fáilte2020

16th September 2019
Ba mhór ag Gaillimh le Gaeilge tú a bheith i láthair ag preasócáid, Déardaoin, 26 Meán Fómhair 2019 ag 3.00i.n. i mBialann an Galleon, 210 Bóthar na Trá Uachtarach, Gaillimh,
Léigh níos mó...

Dialann Ghaillimh le Gaeilge 2020

4th September 2019
Cuir do ghnó chun tosaigh le fógra Dialann Ghaillimh le Gaeilge Tá Gaillimh le Gaeilge ag ullmhú anois do Dhialann 2020, dialann dhátheangach a scaiptear i measc Chairde Ghaillimh le Gaeilge (os cionn 270 baill atá cláraithe le Gaillimh le Gaeilge go bhfuil spéis acu sa Ghaeilge) mar aon le Comhairleoirí, lucht gnó agus ionadaithe eile i nGaillimh.  Is ar fhógraíocht amháin […]
Léigh níos mó...

Post Sealadach á fhógairt ag Gaillimh le Gaeilge.

4th July 2019
Tá Gaillimh le Gaeilge ag lorg iarratais ó dhaoine le spéis faoi leith i gcúrsaí Gaeilge agus gnó mar aon le cúrsaí margaíochta. Gheobhaidh an té a cheapfar taithí chuimsitheach le foireann bheag fhuinniúil na heagraíochta ag cur na Gaeilge chun cinn i gcathair dhátheangach na Gaillimhe.
Léigh níos mó...

Slua Breá ag Fulacht Fia Chairde Ghaillimh le Gaeilge

3rd July 2019
Ba i dtimpeallacht ghairdíní áille Óstán an Ardoileáin a eagraíodh Fulacht Fia Chairde Ghaillimh le Gaeilge ar an Déardaoin, 27 Meitheamh 2019, an lá ba theo den mhí.  Rinne Cairde Ghaillimh le Gaeilge, Stewart Construction agus buaiteoirí iomlána Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019, Sweeney Oil urraíocht ar an bhFulacht Fia. Míle buíochas leo ar fad
Léigh níos mó...

Leideanna do Rásaí na Gaillimhe

3rd July 2019
Tá Rásaí na Gaillimhe beagnach linn! Tá Gaillimh le Gaeilge ag  glaoch ar  GHAILLIMH  an  Ghaeilge a  úsáid   i rith  na féile.  Is féidir leat  í a úsáid  ar chomharthaí, ar bhiachláir, sna meáin shóisialta agus  i bpoiblíocht. Seo chugaibh roinnt frásaí gur féidir a úsáid i rith na Féile i nGaillimh. Déan teagmháil linn […]
Léigh níos mó...

CRUINNIÚ POIBLÍ FAOI PHLEAN GAEILGE CHATHAIR NA GAILLIMHE

7th May 2019
Nóta beag ag meabhrú daoibh go mbeidh cruinniú poiblí faoi Phlean Gaeilge Chathair na Gaillimhe ar siúl tráthnóna inniu (7/5/2019) ag 7.30pm i seomraí G010 & G011, Áras Taighde Uí Argadáin, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.
Léigh níos mó...