NUACHT & IMEACHTAÍ

Nuacht & Imeachtaí

Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh bainte amach ag Lally Tours

28th May 2024
Bhailigh slua mór le chéile oíche Dé Luain chun ceiliúradh a dhéanamh ar an obair agus na gaiscí dátheangachais a rinneadh faoi scáth Ghearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, agus bhí an slua ar tinneall agus ar bís faoin am ar fógraíodh na buaiteoirí.  Cuireadh scoth na siamsaíochta ar fáil do na haíonna a bhí i […]
Léigh níos mó...

Gearrliosta Ghradam 2024, a bhfuil réimse leathan de ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí na Gaillimhe san áireamh air, fógartha

18th April 2024
Tá sceitimíní mór ann ó tharla go bhfuil 16 ghnólacht agus eagraíocht as Gaillimh roghnaithe le bheith san iomaíocht i mbabhta ceannais Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2024. Is é Gaillimh le Gaeilge i gcomhar leis an Galway Advertiser, TG4 agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe a eagraíonn an Gradam a dhéanann ceiliúradh ar bharr feabhais dátheangach […]
Léigh níos mó...

Na hAinmniúcháin – Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2024

21st March 2024
Seo a leanas na hAinmniúcháin do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2024:
Léigh níos mó...

É fógartha go bhfuil Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh do 2023 buaite ag Eaglais Choláisteach San Nioclás

26th May 2023
D’fhógair Méara Chathair na Gaillimhe  an Comhairleoir Clodagh Higgins gurb é Eaglais Choláisteach San Nioclás  buaiteoir foriomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ag searmanas speisialta bronnta in óstán The Hardiman, An Fhaiche Mhór, Gaillimh.
Léigh níos mó...

Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2023 fógartha 

21st April 2023
 Ainmníodh cúig cinn déag de ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí ó hearnálacha éagsúla ar Ghearrliosta na bliana seo. Tá an Gradam, gradam gnó dátheangach na Gaillimhe féin á eagrú ag Gaillimh le Gaeilge (an eagraíocht a chuireann an Ghaeilge chun cinn i gcathair na Gaillimhe) i gcomhpháirtíocht leis an Galway Advertiser, TG4 agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe. […]
Léigh níos mó...

Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh – Na hAinmniúcháin!

9th March 2023
Na hAinmniúcháin do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2023! Seans go bhfuil aithne agat orthu!
Léigh níos mó...

Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020 oscailte d’ainmniúcháin anois

8th February 2023
An bhfuil spéis agat an Ghaeilge a úsáid i do ghnó? Urraitheoirí Ghradam 2023 na bliana seo nochta ag an gComhairleoir Clodagh Higgins, Méara Chathair na Gaillimhe, ag preasócáid arna reáchtáil ag Gaillimh le Gaeilge i gCumann Tráchtála na Gaillimhe.
Léigh níos mó...

É fógartha go bhfuil Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh do 2022 buaite ag KD AUTOPARTS, Gaillimh agus go bhfuil sé ainmnithe mar an 15 ú Treibh i nGaillimh

3rd June 2022
Agus an Gradam ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód, d’fhógair Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht, ag searmanas speisialta bronnta in Óstán an g, Seanbhóthar Bhaile Átha Cliath, Gaillimh gurb é KD AUTOPARTS buaiteoir foriomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh. D’fhógair sé freisin ag an ócáid go […]
Léigh níos mó...

Fógróidh Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht Treibh Nua Chathair na Gaillimhe ag ceiliúradh dámhachtana anocht in onóir 20 bliain den Ghradam!

2nd June 2022
Agus ceiliúradh á dhéanamh ar 20 bliain ar an bhfód, beidh Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ar siúl anocht sa g hotel, áit a bhfógróidh Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit le freagracht as Spórt agus an Ghaeltacht, Buaiteoirí na gCatagóirí agus Buaiteoir Foriomlán an Ghradaim.
Léigh níos mó...

Cloch mhíle thábhachtach bainte amach ag an nGradam – Gradam Gnó Dátheangach na Gaillimhe ar an bhfód le 20 bliain agus OSCAILTE d’ainmniúcháin!

11th February 2022
Tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, nó ‘’An Gradam’’ mar a thugtar air i gCathair na Gaillimhe oscailte d’ainmniúcháin anois.
Léigh níos mó...