NUACHT & IMEACHTAÍ

Nuacht & Imeachtaí

Gradam 2020 ag bogadh chun cinn

23rd March 2020
Tá cinneadh déanta ag Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey, sceideal  Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a bhogadh chun cinn go dtí an Fhómhar.
Léigh níos mó...

Fógraíonn Gaillimh le Gaeilge an líon is mó iarrthóirí nua do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020

12th March 2020
Chuir 27 gnólacht agus eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar raon leathan earnálacha a n-ainmneacha chun cinn do Ghradam gnó dátheangach na Gaillimhe – Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020. Eagraíonn Gaillimh le Gaeilge an gradam i gcomhar leis an Galway Advertiser agus TG4 le tacaíocht ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe. Is iontrálacha nua 19 as na […]
Léigh níos mó...

Dé hAoine 21 Feabhra 2020 an Spriocdháta d’ainmniúcháin do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020

20th February 2020
Dé hAoine bheag seo, an spriocdháta le haghaidh ainmniúcháin do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh. Ná caill an deis a bheith páirteach sa ngradam is fadbhunaithe dá leithéid in Éirinn, arna eagrú ag Gaillimh le Gaeilge i gcomhar leis an Galway Advertiser agus le tacaíocht TG4 agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe.
Léigh níos mó...

Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020 oscailte d’ainmniúcháin anois – Tosaíonn an cuardach do Threibh nua na Gaillimhe.

11th February 2020
Sheol Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh – Gradam dátheangach na Gaillimhe  go hoifigiúil san Aula Maxima, OÉ Gaillimh ar 28ú Eanáir 2020.  Tá sé oscailte anois d’ainmniúcháin ó ghnólachtaí agus ó eagraíochtaí atá lonnaithe i gCathair na Gaillimhe go dtí Dé hAoine 21 Feabhra 2020. Ag an bpreasócáid, d’fhógair an tUachtarán liosta […]
Léigh níos mó...

Seoladh Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020

22nd January 2020
CUIREADH Ba mhór le Gaillimh le Gaeilge cuireadh a thabhairt duit féin agus aoi a bheith i láthair ag preasócáid Dé Máirt, 28 Eanáir 2020 ag 2.30 i.n. san Aula Maxima, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Bóthar na hOllscoile, Gaillimh, tráth a seolfaidh Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020. Ag an […]
Léigh níos mó...

Seolfaidh Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh go hoifigiúil agus fógróidh sé Urraitheoirí an Ghradaim don bhliain seo romhainn.

21st January 2020
Tá áthas ar Ghaillimh le Gaeilge a fhógairt go bhfuil Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, le haghaidh ghnólachtaí dátheangacha na Gaillimhe, oscailte anois le haghaidh ainmniúchán. Is iad Gaillimh le Gaeilge, i gcomhpháirtíocht leis an Galway Advertiser, agus le tacaíocht ó TG4 agus ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe, a reáchtálann Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh – an […]
Léigh níos mó...

Sweeney Oil fógartha mar bhuaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019 agus iad ainmnithe mar Threibh Nua na Gaillimhe

21st May 2019
Tar éis ocht n-iontráil déag a bheith faighte, trí iomaitheoir déag sa bhabhta ceannais, ceithre chatagóir agus dhá bhabhta moltóireachta, d’fhógair Seán Kyne TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin gurb iad Sweeney Oil buaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i mbliana.
Léigh níos mó...

TREIBH NUA NA GAILLIMHE LE FÓGAIRT DÉ LUAIN SEO CHUGAINN!

15th May 2019
Fógróidh Príomh-Aoire and Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin. Seán Kyne TD, buaiteoirí catagóirí agus buaiteoir iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019 ag searmanas speisialta bronnta a bheidh ar siúl Dé Luain, an 20 Bealtaine ag 6:30i.n. sa Rockbarton Suite, Óstán Bhóthar na Trá. Oíche den scoth a bheidh […]
Léigh níos mó...

Bronnadh Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019

3rd May 2019
Fógróidh  Seán Kyne TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin Buaiteoirí na gCatagóirí agus Buaiteoir Iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019 ag ócáid bhronnta in Óstán Bhóthar na Trá, An Phromanáid, Gaillimh, ó 6.30i.n. go dtí 8.30i.n., Dé Luain, 20 Bealtaine 2019.    
Léigh níos mó...

Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019 ainmnithe ag Méara Chathair na Gaillimhe

24th April 2019
Rinne Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Níall McNelis, Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a fhógairt go hoifigiúil ag preas-ócáid a reáchtáladh le deireanaí i gCumann Tráchtála na Gaillimhe. Tá 13 ghnó agus eagraíocht atá lonnaithe i gcathair na Gaillimhe, agus a bhaineann le raon leathan earnálacha, tríd chuig an gcéad bhabhta eile den Ghradam […]
Léigh níos mó...